62
AN GAODHAL
go d-tabharfadh sé suas ann éiliomh.
Thaisbeán an fhoráil so iomurcadh dh'
Abu Casim & do dhiultaigh, d'aghnasaidh,
do ghuil, & do dhithchioll sé an iarradh do
laghadadh, acht go díomhaoin. Do sheas
fear an chinn mhaol go daingean ann a
iarradh, & dob éigin d' Abu Casim a
mhála-airgid d' fhosgladh go fairsing a¬
rís, gidh d'fhuathuigh sé go mór é. Air a
bheith saortha ó na constabalaibh d'Abu
Casim, rith sé thríd a theach cosamhuil
le fear ar míre; anuair sin shuigh sé
síos, & d'fheuch sé i bh-fallamhnachd Fá
dheire bhuail smuaine soillseach é Do
ghlac ceann de troighínibh, do chuaidh 's do
tharraing sé 'n madadh as an áit faoi
'n chlár, ann a rabh sé 'nna chodladh go
sochmhadh, & thug sé dó tuargain míothro¬
carach. Go moch ar an maidin amárach
bhí Abu Casim ins a gháirdín ag obair.
Do chinn sé le adhlacadh na troighíneadh
sé troighthe faoi 'n talamh ionos nach m-
béirfidís urchóid dhó níos mó. Air a
m-beith ag oibriughadh dó, bhí comhursa mío¬
sgaiseach d'a fhaireadh, noch go fada
chongbhuigh míorún 'nna adhaigh, & darab
mian le cleas d'imirt air Cho luath &
bhí 'n lá solasach, chuaidh an chomhursa do
'n "mufti", & dubhairt leis, gur thochail
Abu Casim ionmhuis as a gháirdín roimh
an ló. Anois bhí reachd anuair sin i m-
Bagdad, gur leis an stáit bhí na ion¬
mhuis uile do bhí fághalta faoi 'n talamh,
& bhí bagartha le piantaibh is cruadha an
te do bhrisfeadh an dlighe so. Bhoiltnidh
an "mufti" deágh pios de ghnó leis an
truailleánach saidhbhir, thug sé cuid d'a
fhuirionn amaille leis, & chuaidh sé go
teach d' Abu Casim, le n-iarruidh go d-
tabharfaidhe suas dó an t-ionmhuis fagh¬
alta. Do mhionnuigh Abu Casim ris an
fhéasóig de 'n fhaistineach nár bh-fuair
sé ionmhus ar bith, & gur mhian leis amh¬
áin na troighíne so d' adhlacadh, do thug
cho iomadh míofhurtún air. Orduigh an
"musti" an áit do thochailt suas, &
fuair sé na troighíne sé troighthe faoi 'n
talamh.
Dubhairt an "mufti" go rabh adhlacadh
na d-troighíneadh 'nna chleas glic le céil¬
eadh aistrighthe an ionmhuis. Is díomh¬
mhaoin bhí a mhóide shollamanta uile.
Tabharadh a rogha dó, ceachdar dul go
príosún no é féin do cheannach amach
faoi eiric throm arís. Thaisbeán an
fhuileachd bhuan so a sparáin cosamhuil
le tarraing a fhola croidhe uadh, achd
cad é budh féidir leis a dheunadh? Air
an t-iomlán, bhí an nidh is críona, & is
feárr dó le deunadh, mar thaisbeán dó
eiric do dhíol do 'n "mufti," nidh noch
righne sé.
Leis an am so, bhí Abu Casim tinn &
tuirseach re n-a throighínibh. Smuain sé
go doimhin ar an módh le é féin a shaor¬
adh uatha do shíor. An uair sin ghlac sé
fá n-a "chaftoin" salach iad, & chuaidh sé
go fada amach do na sléibhtibh An sin
theilg sé amach iad i g-canal. Le croidhe
éadtrom chuaidh sé abhaile go Bagdad,
ag mothughadh gur saorthadh ar deire é ó
na troighínibh míodhághmhara Agus go
deimhin lean lá ar ló, & cluineadh náda
ó na troighínibh, ar modh gurab Abu Cas¬
im ag tosughadh iad a dhearmadadh. Ach
faraoir! 'neis uim coicthidhis, thaisbeán
an bráitheór ar na oibreachaibh-uisge de
Bhagdad — fear féamanta budh áird-
chéim & tabhachd, — cuideachdtha le soígh¬
diúraibh i d-teach d' Abu Casim.
Thaisbeán Abu Casim bochd a bheith
buailte go caoch, & go balbh, le faitchíos
de mhíofhortún eigin : bhí le duine de
shoídiúraibh na troighine cluiteacha ann
a láimh aige.
Cionus a thangadar do 'n leus arís?
Go nádúrdha, go deimhin Ar laethibh ei¬
gin, thug na fóinse puiblidhe uisge ar ei¬
gin, & bhí casaoid coitchion, & ciarsáin
ann Do sgrúd an bráitheór na píop¬
adha, achd fuair sé i n-deágh coingioll
iad. fá dheire righne sé an beul no fos¬
galadh de 'n phríomh píopa do sgrúdadh,
& annsin bhí "an corp coire," mar dhéir¬
fidís na fir-dlighe; bhí beul an phíopa
trí ráithe stoptha suas le troighínibh A¬
bu Casim.
[Le bheith leanta.)
We hope Gaels will transmit their support to
the Gael yearly. If this were done there would
not be so many in arrears as there are. — This is a
good time to make a beginning
