AN GAODHAL
63
Another valuable contributor to Gaelic lore.
CAILÍN DEAS CRUIDTE NA m-BÓ,
By P. Casey, Malden, Mass.
I
Air maidin 's mé ag taisdiol thar triucha,
'Seadh dhearcas an chuilionn deas óg,
Do stadeasa tamall dá niuchadh —
Bhí a mala 'sa cum mar an rós ;
Bhí dath ann a leacain go h-iongantach —
Bhí sí eudtrom, luthmhar, gan bhrón,
A samhail ní fhaca inn aon dhúthaigh,
Mar chailín deas cruidhte na m-bó.
II
Do bheannuigheas dí i d-teanga mo dhuthaigh,
'S d'fhreagair go umhal mé inn anoint,
Do shaoileas nach sgarfadh mo shúil dí
Mar bhí grinn air a cúl mar an ór;
Do chaitheasa seachtmhain thar triúcha,
Gidh go mór é mo chúram 'sa bh-Foghmhar
Dá mealladh cois calladh air an n-driucht liom,
Mo chailín deas cruidhte na m-bó.
III
Mollfad go deimhin duit a chuilfionn,
Mar bhí fás ó 'na cúl go d-ti feor,
Go camarsach, fada, tiugh, lubach,
Go taithneamhach, plúrach gan cheó;
Bhí leathair mín dearg 'na púmpa,
'S do chasfadh sí puirt le 'na beol
Cuirfeadh aiteas air mhathaibh na dúthaigh,
'S a cana deas cruidhte na dóid.
IV
Do bhí síoda ba dhaoire 'na guna,
Do bhí luis agus lúra 'na cló,
Ba bhreagha í ná Juno nó Bhénus,
'S dá n-abaruighinn Helen faoí dhó,
'Na an reilthion ba bhreagha bhí n-Éirinn,
Thug a bharr léi ó 'n Gréig go Lios Mór,
Agus phósainn gan talamh 'ná spré í,
'Na córughadh sean eudaigh go deo.
V
Stadfaidh mé feasda dham dhreuchta
Agus geallaim ní dhéarfadh níos mó,
Mar ní'l agam acfuinn na éithfeacht,
Agus ní chuirfinn an t-éitheach i g-cló;
Bheirim bárr do dhántaibh na h-Éireann,
An t-ioleán binn aerach na neon,
Do bhíodh mná ann i m-bántaibh ag aodhaireacht
Agus labhairt sean Ghaedhilge 'na m-beol.
