64
AN GAODHAL
Do 'n Fear Eagar. —
A Shaoí: Cuirim an dán beag so chúgat, do rinneas an
lá fá dheire agus tá súil agam é do fheiscint in san Gaodh¬
al an mhí so chúgainn. Táim ag obair am dhicheall air son
do pháipeur breag, calma chum é leathanughadh ameasg na
daoineadh atá ag foghluim na Gaedhilge 'san chathair so —
Mise do chara,
Malden, Mass
Padraic O'Cathasaigh
O'DÁLA FIONN, cct.
Dia do bheatha, a Mhuire Mhóir,
Abhcatha as gloine ná an ghrian,
Dia do bheatha amhall shuil shaor
A chraobh bheatha, a úr bhárr fhial.
Dia do bheatha a bhuime an righ,
Am sheasadh, am shuighe, am shuan,
Dia do bheatha a fhabhradh úr,
Aruin mheanma, a beatha buan.
Dia do bheatha a fholt mar ór,
Dia do bheatha abhos mar aol,
Dia do bheatha a lón dod ghaol,
Dia do bheatha a bhlaith na n-óg.
Dia do bheatha a ghruadh mar ghréin,
Da luadh ní measda do mhnáibh,
Slíghe manma is déanta ad dheoig,
A réiltean eóil chalma, chiadh.
Dia do bheatha, a bheul mar rós,
Dia do bheatha a gheug na ngrás,
Dia do bheatha a chraobh go gcnuas,
Dod ghaol suas beatha gan bás.
Dia do bheatha amhalla mhín.
A rae lán le ambheartar buadh,
Dia do bheatha an am an eóil,
A chrann seoil an bheatha bhuain.
Dia do bheatha adhéidgheal dhonn,
Aoinbhean ní curtha os do chionn,
Air gcomhbadh do mhongshuil mhall,
Fá bhárr trom, folláin, fionn.
Dia do bheatha a bhruinioll shaor,
Le ár tuilleadh beatha gan bhiadh,
Aghnúis ro bhán , cneas-gheal chaomh,
Anaoimh bean tsaor og nár fhial,
Fáilte uaim do mhalla mhín
Re samhuil snáithe seang sróill,
Nó taobh ruaine ciorr dubh caol,
Fár sgaoil bhuaile díorrnaibh óir.
