(19)
11Mhadh Rol. Uimh. 7.
FABHRA,
1896.
GOILLÍS NA g-COS DUBH.
(Leanta)
Dubhairt fear acu leis,
"Bh-fuil tú teacht linn anocht, a Goil-
lís"?
"Táim, go cinnte," ar Goillís.
"Má táir, tar uait," ar san fear
beag, ⁊ amach leo uile go léir, le chéile,
a marcuigheacht mar an ghaoith, níos
luaithe ná 'n capall is eutroime a chon-
nairc tú riamh a fiadhach, ⁊ níos luaithe
ná 'n sionnach ⁊ na gadhair ag a ear-
ball.
An ghaoth fhuar gheimhridh a bhí rómpa do
rug siad uirri, ⁊ an ghaoth fhuar gheimh-
ridh do bhí 'na n-diaigh ní rug sí orra-
san, ⁊ stop ná stad ní dheárnaidh siad
de 'n láinrith sin nó go d-tainic siad
go bruach na fairge.
Dubhairt h-uile cheann acu in sin,
"Éirigh ⁊ thart leat, éirigh agus thart
leat"
Agus ar an móimeud d'éirigh siad
suas ins an aer, ⁊ sul do bhí am ag
Goillís le cuimhniughadh cia rabh sé, bhí
siad shíos ar an talamh tirm arís, ⁊ ag
imtheacht mar an ghaoith.
Sheasadar ar deireadh, ⁊ dubhairt
fear acu le Goillís,
"A Ghoillís bh-fuil fios agad cá bhfuil
tú anois?"
"Ní 'l," arsa Goillís.
Tá tú 'san Róimh, a Ghoillís," ar sé,
"agus támuid le dul níos fuide ná sin.
Tá inghean Righ na Fraince le bheith pós-
ta anocht, an bhean is deise d'a bh-faca
an ghrian ariamh, ⁊ caitfeamuid ar n-
