díthchioll a dheunadh í do thabhairt linn
féin, má thig linn a fuadach ar mhódh ar
bith, & caifidh tusa a theacht linn, i riocht
go guirfimid an inghean óg suas ar do
chúl ar an g-capall, nuair a bheidh sinn d'a
fuadach, mar ní dlisteanach dúinne é í
do chur na suidhe ar ar g-cúl-ne, ach is
fuil & feoil thusa, agus tig léithe greim
maith fhághail ort, ar mhódh nach d-tuitfidh
sí, a nuair a chuireamuid ar an g-cap¬
all í. Bh-fuil tú sásta, Ghoillís, agus i
n-deufaidh tú a bh-fuil muidne a rádh
leat?"
"Tuige nach m-beidhinn sásta," arsa
Goillís, "tá mé sásta go cinnte, agus
rud ar bith a dheurfas sibhse liom a
dheunadh, deunfaidh mé gan amhrus é, ach
cá bh-fuil muid anois? Cad é 'n áit í
seo?" a dubhairt sé.
"Tá tú ins an Róimh anois a Ghoillís,"
ar san t-Sidheog.
"Anns an Róimh, in sheadh?" arsa
Goillís, "go deimhim & gan bhréig is
maith liom sin. An Sagart-paráiste
a bhí againne do bhí sé briste tamall ó
shoin, & chaill sé a áit. Caithfidh mé dhul
aig an bh-Pápa go bh-fágh' mé bulla uaidh
a chuirfeas air ais é iona áit fhéin arís"
"O, a Ghoillís," arsan t-Sigheog, "ní
thig leat sin a dheunadh ; ní leigfighear a
steach san b-pálás thú; agus ar mhódh ar
bith ní thig linne fanamhuint inseo nuair
atá tusa leis an b-Pápa, tá deifir or¬
rainn."
"Oiread & cos ní rachfaidh mé níos
fuide," arsa Goillís, "go rachfaidh mé
chuig an bPápa, ach tig libh-se dhul ar bhur
n-aghaidh gan mise, má's maith libh é, acht
ní choróchaidh mise go rachfaidh mé do 'n
Phápa & go bh-fágh' mé párdún mo shag¬
airt-paráisde uaidh."
"A Ghoillís, an air díthchéille atá tú?
Ní thig leat a dhul ann, & sin é d' fhrea¬
gradh anois dhuit, innsím duit nach d-tig
leat a dhul ann."
"Nach d-tig libh-se dhul ar bhur n-aghaidh
& mise fhághail inseo in bhur n-diaigh," ar
sa Goillís, & nuair a thiucfaidh sibh air
ais in seo nach d-tiucfaidh libh an cailín
árdúghadh suas ar mo chapall-sa ar mo
chúl?"
"Ach béidh tú tasdáil uainn ag pálas
Righ na Fraince," ar san t-Sigheog. "&
cathfidh tú theacht linn anois."
"Diabhal cos," arsa Goillís, "go bh-
fuighidh mé párdún an t-sagairt, an
duine is macánta & is greannmhaire
d'a bh-fuil in Éirinn."
Labhair Sigheog eile insin, & dubhairt
sé,
"Ná bí cho cruidh sin ar Ghoillís, tá'n
buachaill cineálta, & tá croidhe maith
mór aige, & mar nach maith leis theacht
linn gan bulla 'n Phápa, caithfimid ar
n-díthchioll a dheunadh le n-a fhághail dhó.
Rachfaidh seisean & mise asteach do'n
Phápa & tig libh-se fanamhuint linn inseo"
"Míle buidheachas duit," arsa Goillís
"tá mé réidh le dhul leat; & an sagart
seo, is é an fear is greannmhaire & is
poirteamhla ar bith.'
"Tá 'n iomarcadh caint agad, a Ghoil¬
lís," ar san t-Sigheog, "tar uait anois.
Tuirling de 'n chapall, & beir ar mo
láimh-se."
Thuirling Goillís de 'n g-capall, agus
rug sé ar láimh na Sidheóige, & dubhairt
an duine bheag cúpla focal ná'r thuig
Goillís, & sul do bhí fhios aige cia rabh
sé, fuair sé é féin ins an seomra iona
rabh an Pápa.
Bhí 'n Pápa 'na shuidhe suas go mall a
n-oidhche sin, mar bhí leabhar le léigheadh
aige a rabh spéis mhór aige ann. Bhí sé
in a shuidhe i g-cathaoir mhóir bhuig agus
a dhá chois árduighthe suas ar chlár an t
similéir, & bhí teine bhreágh mhóna anns
an ngráta, agus bord beag na sheasadh
ag a uillinn, agus bhí braon beag uisge-
beatha i g-corn gloine, agus uisge teith
agus siúcra i soighthighe eile, 'na seasadh
ar an m boirdín agus níor mhothuigh sé
no go d-tainic Goillís ar a chúl.
"Anois a Ghoillís," ar san t-Sidheog,
"abair leis mur d-tiúbhraidh sé 'n bulla
dhuit go g-cuirfidh tú 'n seomra thré la¬
sadh, agus má dhiúltóchaidh sé dhuit é,
steallfaidh mise teine as mo bheul thart
timchioll, go saoilfidh sé go bh-fuil an
áit thré lasadh dáriribh, agus mise mo
bannaidh go mbéidh sé réidh go leor an
párdún do thabhairt dhuit in sin."
