74
AN GAODHAL.
See Vol. IV. p 477.
" Vol. I. p. 60.
O'DOMHNAILL ABÚ.
There was not a time, perhaps, in the history of
England’s brutal sway in Ireland in which the Irish
people could sing O'Donnell Aboo with greater gus¬
to than at the present, when a concatenation of
events, evolved by President Cleveland, William II.
France, Russia and Turkey, has trailed the bloody
Saxon standard in the gutter.
Tá binn ghuth an adhairc go glórach a géimneadh,
'Gus gáir chath i síneadh go h-árd ar an ngaoith,
Thar Loch Suiligh tá 'n treun laoch go luathmhar a léimneadh
Ag na sluaighte i ngleann Sheamair i deifriúgh' gan sgígh:
Shíos ó gach sliabh go beo,
Treun fhir nach d-teithfeadh gleo,
Brosduighidh faoi ghlas-bhrat bhur ngaisgidh Aodh Ruadh
Bonnach a's Gallóglach,
Deifrighidh go claon ag cath !
Suas fá do dhíl thír, Ui Dhomhnaill Abú !
Feuch O'Néill, sgoith na bhflath, chum cabhair a chlaonadh,
Le mór-shluagh gaisge 'gus toghadh na bhfeadham;
Tá míle each borb in a roimh-rann a síneadh
Faoi na marcaigh ó 'n gcluan a bh-fuil sruth Bhanna ann;
'S iomdha 'n croidhe bhéidheas fann
Faoi sgath a chulaidh-lann,
Béidh geur-bhrón ar námhaid, iad-fhéin bhí gan truadh.
'Nuair cluinfear ar ngláir-ghleo,
Sgriach ar an t-sionnán teo,
Brosdughadh chum díoghaltais, ui Dhomhnaill Abú !
Tá'n faol-chú i nDeas-Mhúmhain ag ailleadh go fraochrach,
'S an t-iolrach gan eagla a sgriach ar an magh;
Tá 'n sionnach ar shráidibh a faire go caochrach,
Ní'l duine le bagairt air beo ar an bh-faith, —
Fáisg h-uile lámh go teann,
Tuadh-chath a's faobhrach lann —
Tóig ortha trom-dhíoghaltas ceart agus luath:
Béidh acu cráidhteach sgeul,
Ar dhíl Clann na nGaodhal,
'S ar threun Chlainn Ui Chonaill, Ui Dhomhnaill Abú.
'Sé 'n fíor-cheart tá Clann Chonaill a cosaint go toilteach
Na teaghlaighe 's na h-altóir atá ansa d' ar g-croidhe;
Tá lorg na námhad 'na m-bán fhásach fuilteach!
Le lasair a d-teinte 'tá soilseach meádhon oidhch';
Suas le gach laoch mar sin,
'N g-cian ghleo bhí agaibh roinn,
A Clann Chonaill dhílis, all-neartmhar faoi bhruth !
Airigheann an Sacsan feall
Trom-bhuillidhe Clann na nGaodhal,
Buail fá bhur nglas thír, Ui Dhomhnaill Abú !
