76
AN GAODHAL
CLEVELAND & VENEZUELA.
BY
A. LALLY.
Go mairfidh ainm Ghróbhair Chlebheland,
Uachdarán na Státaidh Aondha,
'Sé d'fhuagair ar robáir na talmhan,
Sasanaigh ar d-tír mháthardha.
Ag rádh, "Má sheunfair ceart do chomharsan,
Ag gearradh tórthainn Venezuela,
Béidhir mar námhaid ag na Státaibh,
Is dar mo neart is duitse is dona."
Ní le agairt acht le bagairt
A stad sé "máighistreas na mara,"
Bhí teacht thair an t-sáile le lámh láidir,
Ag sgrior tír bheag Venezeula.
Thug Gróbhar a d-tús 'sna stáiribh úr',
'Sé las tír-ghrádh i g-croidhthibh fuar',
Is a thug le rádh do thíribh eile
Ná'r eug an ceart in iomlán na cruinne.
Béidh ainm Chlebeland go deo faoi mheas,
I n-oir a's i n-iar, i d-tuaigh 's i n-deas,
'S le fánadh an am atá rómhainn
Seasfaidh a shamhail ar leachta buan.
'Nois tá Sasanaigh le eagla 'g criche,
'S ní'l an t-ádhbhar ro fhada uaithe:
Tá na náisiúin láidre a lig na h-aghaigh,
'S ní'l le fághail in aon tír fear a truadha.
Tá 'n Ain 'gus an Fhodh-Ain balamh,
Faire go grinn oidhche a's lá,
'Gus tá 'n Frainc mar shionnach glic,
Ní'l aon fhocal aici le rádh.
Chum an brón do mheudughadh i Londuin,
Tá úghdair na h-Oirpe d'a rádh
Gur fhág an Turcach mallaighthe an rálach
Ag dul faoi choimirce an Záir.
Dia go d-tarthaigh ciall a's cuimhne
Go fhir geanamhuil, cóir
Le bheith ag fonnóid a's ag éisteacht
Le seabhóideacht Bhritáin Mhóir.
[Brother Lally, as he should, pays a deserved tri¬
bute to President Cleveland The careful student
of present international political events will find a
cogent and lucid criticism in the foreging, off-hand
presentation of Brother Lally’s. — Ed. G.]
