(20)
11Mhadh Rol. Uimh. 8
AIBREÁN,
1896.
GOILLÍS NA g-COS DUBH.
(Leanta)
mach as a bheul ⁊ shaoil an Pápa go rabh
an seomra uile ar lasadh
Ghlaoidh sé amach, "Léirsgris síorruidh!
bheurfuidh mé 'n párdún dhuit, bheurfuidh
mé rud ar bith dhuit, ach coisg do theine
⁊ ná dóigh mé in mo theach féin."
"Tá mé buidheach de d' onóir," ar sa
Goillís, ⁊ choisg an t-sidheog an teine,
⁊ b' éigin do 'n Phápa suidhe síos ⁊ pár-
dún iomlán sgíobhadh do 'n t-sagart, ⁊
a shean áit do thabhairt ar ais dhó; ⁊
in uair a bhí sé réidh sgríobhtha aige chuir
sé a ainm faoi, ar an b-páipeur, ⁊ do
chuir sé i láimh Ghoillís é.
"Go rabh maith ag d' onóir," ar Goill-
ís, "ní thiucfaidh mé go brách arís in
seo chugad, ⁊ beannacht leat."
"Ná tar," ars an Pápa, "má thig tú
béidh mise réidh romhat, ⁊ ní imthochaidh
tú uaim cho foras sin arís. Béidh tú
dúinte suas i b-príosún ⁊ ní thiucfaidh
tú amach as go brách."
"Na biodh faitchíos ort, ní thiocfaidh
mé ann arís," arsa Goillís, ⁊ sul d'
fheud sé níos mó rádh do labhair an t-
Sidheog cúpla focal, ⁊ rug sé ar láimh
Ghoillís arís, ⁊ amach leo. Fuair Goill-
ís é féin ameasg na Sidheog eile ⁊ a
chapall i fanamhuint leis.
"Nois a Ghoillís," ar siad, "is mor an
bacadh a chuir tú orrainn, ach tar uait
anois ⁊ na cuir romhat a leitheid de
chleas a dheunadh orrainn arís, mar nach
bhfanfamuidne leat."
"Tá mé sásta," arsa Goillís, "agus
