tá mé buidheach dhíbh, ach innis dam a bh-
fuillmid le dhul anois."
"Támuid le dhul go palás Righ na
Fraince," ar siad, "agus má thig linn,
ar nós ar bith, támuid le n-a inghin a
fhuadach linn,"
Dubhairt h-uile fhear acu an focal,
"Éirigh a chapaill."
Ann sin thoisigh na caiple a léimneadh
& a rithe agus ag promsáil. An ghaoth
fhuar gheimhrigh do bhí rómpa do rug siad
uirri, & an ghaoth do bhí in a ndiaigh ní
rug sí orra-san, & níor stad siad de
'n rása sin no go rabh siad cho fada le
pálás Righ na Fraince.
Táinic siad anuas d'a g-capuillibh in
sin, & dubhairt fear acu focal nár thuig
Goillís, & ar an móimeud, bhí siad go h-
uile tóigthe suas, agus fuair Goillís é
féin & a chomráididh ins an bpálas.
Bhí fleadh (féasta) mór d'a chathadh
acu in sin & ní rabh fear-uasal nó
duine mór in san ríoghacht nach rabh
cruinnighthe le chéile insin roimhe, agus bhí
siad gleusta amach le síoda & sról, le
ór & le airgiod, & do bhí an oidhche cho
geal leis an lá ins an áit sin leis an
méid coinnioll & lampa do bhí lasta
ann; & níor fheud Goillís an t-amharc
an breágh soilseach sin do sheasamh agus
dhruid sé a dhá shúil.
Nuair i d'fhosail sé arís iad in sin,
& nuair i dhearc sé uaidh, shaoil sé nach
bh-facadh sé aon rud ariamh cho breágh
leis an meud do chonnairc sé Bhí ceud
bord leagtha amach & a lán bí & dighe ar
gach bord acu, feoil & cácaidh & milseo¬
ga, & fíon & lionn & gach deoch d'a bfa¬
ca duine riamh
Bhí fir-ceoil ag dhá cheann na h-alla
sin, & iad ag seinm an cheoil budh mhilse
do chualaidh cluas duine i riamh, & do bhí
tuilleadh daoine, mná óga & ógánaigh
galánta i lár an h-alla sin, ag damhsa
& ag duenadh ringce, & ag dul thart cho
luath & cho h-eudtrom sin gur chuir sé
"suarán" i g-ceann Ghoillís le bheith ag
dearca orra. Bhí tuille ann a deunadh
cleasa, & tuilleadh ag deunadh grinn &
gáire, mar nach rabh a leitheid de fheus¬
ta ins an bhFrainc le fiche bliadhain a's
do bhí an lá sin, mar nach rabh aon chlann
beo ag an t-sean righ acht aon inghean
amháin, & bhí sí le bheith pósta le mac
righ eile an oidhche sin. Trí lá bhí an
feusta 'gha chathadh & bhí sí le bheith pósta
an tríomha h-oidhche, & budh h-í sin an
oidhche a tháinic Goillís & na Sidheoga a
súil leis an inghean óg d'iomchar leo dá
bhfeudfaidís.
Bhí Goillís & a chomráididh 'na seasamh
le chéile ag ceann na h-alla 'n áit i rabh
altóir bhreágh ghleusta, & dhá easbog ar
a cúl, ag fanamhuint leis an g-cailín a
phósadh nuair i bheidheadh an t-am ceart
ann. Níor fheud duine ar bith na Sidh¬
eoga d'fheicsint mar dubhairt siad fo¬
cal nuair a tháinic siad asteach a rinne
do-fheicsinte iad, amhuil & nach rabhadar
ann ar chor ar bith.
"Innis dham cia acu inghean an Righ?'
arsa Goillís, nuair i bhí sé 'g éirighe
cleachtach leis an torann & leis an sol¬
us. "Nach bhfeiceann tú uait in sin í,"
ars an fear beag a bhí deunadh cainte
leis. Dhearc Goillís an bealach ar shín
an fear beag a mheur & in sin chonnairc
sé an óigbhean budh bhreághtha & budh dheise
do bhí, dar leis, ar dhruim na talmhan.
Bhí 'n rós & an lile ag troid le chéile in
a h-eudan, & ní bhiodh fhios ag duine cia
acu fuair an bhuaidh bhí a righthe agus a
lámha mar an aol; bhí a beul cho dearg
le súgh-talmhan & é aipidh ; bhí a cos cho
beag & h-eudtrom le láimh dhuine eile,
bhí a cruth mín & seang, & bhí a gruaig
ag tuitim anuas d'a ceann 'nna mbuc¬
laibh óir. Bhí a culaidh & a casóg fighte
le ór & le airgiod, & an chloch gheal a
bhí 'san bhfáinne ar a meur do bhí sí cho
soilseach leis an ngréin.
Bhí Goillís beagnach dallta leis an m¬
breághacht & an sgéimh a bhí innti. Dhearc
sé arís & chonnairc sé, mar shaoil sé
go rabh sí ag gul, nó go rabh lorg deor
in a súil.
"Ní féidir," arsa Goillís, "go bhfuil
brón uirri, nuair atá gach h-uile dhuine
in a timchioll cho súgach spóirteamhuil
sin."
"Tá sí brónach," ars an fear beag,
