94
AN GAODHAL.
EIRIGHIM AIR MAIDIN.
BY P CASEY, Malden, Mass.
1
Eirighim ar maidin nuair a ghealann an lá,
Ar mo ghlúinibh do thagaim chum mo phaidir do rádh,
Bheirim glóire do 'n mhac mar sé d'fhullaing an pháis,
Agus do fhosguil na flaithis d'ar n-anam go bráth;
Is mór ag an duine do dheineann a réir,
Agus nach g-cuireann ar fearg, a gcaitheamh a shaoghail,
Airthigh déan feasda, agus seachain an claon,
An te is naomhtha ar an talamh ní'l lease ar a shaoghal.
2
Is duine bocht mise a's oibrighim go geur,
Lem leacain bidheann allus ag caitheamh an lae.
Ní'l snó ar mo bhallaibh a's do chailleas mo sgéimh,
An te chidhfir gan dadamh carannacht déin :
Do fhoghluimigheas teagasg ó theacharaidhe Dé,
Deirim an Phaidir a's níor chailleas an Chré,
Duine gan baisdeadh is dorchadh é a shaoghal,
Go raibh solus 'n ar bh fochair agus grása mhic Dé.
3
Feuch ar an g-connairt! tá siad ag tuitim go treun.
Chidhfear dísg ar a n-deire, agus feallsa ar a dtaobh
Do chlosais an Record ag sagart d'a léigheadh,
Bhí an ghraithin i n-aice, níor bhacadar é ;
Bhí leabhar Laidin 'na dhorn agus stáidse bhí sé,
Do thainig air fearg agus d' admhuigh sé,
Do lucht fola do dhórta gur bh'eadh na bodaidh go léir,
Is ba suarach an moladh ar choigcrioch breun.
4
Sais do bhí casta timcheall a chléibh,
Brat do bhí in aice agus cruit le 'n a thaobh,
Bhí gasa d' fhearaibh ó Mhallomh an go treun,
Siad do ghlanadh an talamh agus do chaithfeadh na peileir;
Thainig aiteas go tapaigh ar na fíoraoin
Do bhí an droighin duibh 'a ghlacaibh & dath mar a smeir,
Beidh teagasg na sagart im' bhallaibh lem' shaoghal,
Sé 'n t-Athair do mhaitheann ar m-bearta go léir.
5
Duine seadh mise ná thigeann an léighean,
Is déighionach do thuigim, gan chuire faoi 'd dhéin.
Ba chroidhe liom tu fheicsint cé nach bh-fuilir ad' chaon,
Mar is eudtrom tapaigh do sgriobhan tú léd' mhéir.
Do rinncfinn seacht neithe tamall dem' shaoghal,
Is lúthmhar do rithfinn is b'aird í mo léim,
Acht tá'n chrionacht ag druideamhaint 's gluise san spéir
Agus na torra tá ag tuitim ó bharraibh na ngeug
6
Ceud moladh le Muire do bheannaigh an t-eun
Do bhí ag an lúdeach sa chu re gan ribe ar a thaobh,
D' éirigh ina bh-fochair agus do leig na trí ghlaodh,
