(21)
12Mhadh Rol. Uimh. 9.
Mhí-MHEADHÁIN,
1896.
GOILLÍS NA g-COS DUBH.
(Leanta)
mar dubhairt sí go rabh sí ro óg. Thug
an Righ cáirde bliadhna dhi, ⁊ an uair a
bhí an bhliadhain sin imthighthe thug sé cáir-
de bliadhna eile dhi, ⁊ in sin bliadhain
eile, ⁊ seachtmhain nó lá ní thiubhradh sé
dhi níos mó, ⁊ tá sí ocht m-bladhna deug
anois ⁊ agus is mithid di pósadh, acht
deimhin," ar seisean, ⁊ cham sé a bheul
le gáire gráineamhail, "go deimhin ní
mac Righ a phósfaigh sí, má thig liom-sa
é."
Ghlac Goillís truagh mhór do 'n óg-
mhnaoi áluin, nuair a chualaidh sé sin, ⁊
bhí a chroidhe briste nuair shaoil sé go m
budh éigin di an fear a phósadh nach rabh
aon dúil aice ann, no (rud budh mheasa
ná sin) sidheog ghránna ghlacadh mar
fhear: ach níor labhair sé aon fhocal,
cidh nár fheud sé gan iomadh mallacht
a thabhairt do 'n mhí-ádh do bhí i ndán dó
féin, ⁊ é ag congamh leis an dream do
bhí le na fuadach ó n-a teach ⁊ ó n-a h-a-
thair.
Thosuigh sé ag smuaineadh ann sin
creud do budh chóir dó dheunadh le n-a
sábháil, acht níor fheud sé cuimhniughadh
ar dhadaidh. "O dá d-tiucfadh liom co-
bhair no fóirighin thabhairt di, budh chuma
liom beo no marbh mé," ar sesean in a
inntinn féin, "acht ní fheicim rud ar
bith is féidir liom a dheunadh dhi."
Bhí sé a dearcadh in sin mar tháinic
mac an righ suas chuici, ⁊ é ag iarruidh
póige uirri, acht d'ionntaigh sí a ceann
uaidh. Bhí truagh dhúbalta ar Ghoillís in
