sin, nuair a chonnairc sé an buachaill a
breith ar a láimh bháin, mhín & ghá tarr¬
aing amhach le ringce. Chuaidh siad thart
'san damhsa i bhfogus do Ghoillís & budh
leur dó go maith go rabh deor in a súil.
Nuair i bhí an damhsa sin thart, tháin¬
ic a hathair, an sean-Righ, & a máthair,
an bhainrioghan, asteach, & dubhairt siad
gurb' é sin an t am ceart le n-a pós¬
adh, go rabh an t-easbog réidh, & a leab¬
uidh gleusta, & go mbudh mithid di bheith
tugtha d'a fear anois, agus fáinne an
phósta do chur uirri.
Chuir an sean-Righ gáire as, "dar m'
onóir" ar sé, "tá 'n oidhche beagnach
caiththe, deunfaidh mo mhach oidhche dhó
féin, rachfaidh mise i m-bannaidh nach n-
éireochaidh sé go moch amárach."
"Maiseadh b'fhéidir go n éireochaidh,"
ar san t-Sidheog le Goillís, in a chluais
"B'fhéidir nach in a leabuidh i rachaidh sé
anocht, ha ha ha."
Níor thug Goillís aon fhreagadh dhó,
mar bhí a dhá shúil dul amach as a cheann
ag faire creud do dheunfadh siad in
sin.
Rug an Rig ar láimh an ógánaigh, & rug
an Bhainríoghan ar a h-inghín, & chuaidh
siad suas go 'n altóir le chéile, & na
tighearnaidh agus na daoine móra uais¬
le gh'a leanamhaint.
Nuair i tháinic siad i bhfogus don al¬
tóir, & nuair nach rabh siad mórán níos
fuide ná ceithre slata uaithi, do shín an
t-Sidheog bheag a chos amach roimh an g-
cailín, & thuit sí. Sul d' fheud sí éirighe
arís chaith sé rud éigin as a láimh uirri
& dubhairt sé cúpla focal, & ar an b-
puinte bhí'n óig-bhean imthighthe as ameasg.
Níor fheud duine ar bith a feicsint,
mar rinne an focal sin do-fheicsinte í.
Rug an firín beag uirri & d'árduigh sé
suas ar mhuin Ghoillís í, & ní fhacaidh 'n
Righ nó duine ar bith eile iad, ach amach
leo ar fud na h-alla go an doras.
Oro! Mhuire dhílis, is ann sin a bhí 'n
truagh & an buaidhreadh & an caoineadh
& an t-iongantas & an cuartughadh, &
an rúcán nuair i d'imthigh an bhean-uas¬
al sin ó n-a súilibh & gan iad a fheicsint
creud do rinne é. Amach ar dhoras an
pháláis leo, gan i bheith bactha nó bárrtha
mar nach bhfaca aonduine iad, & "Mo
shrian, mo chapall 's mo dhiallaid," ar
gach fear aca ; "mo shrian, mo chapall
's mo dhiallaid!" ar Goillís, & ar an
móimeud bhí an capall in a sheasadh
réidh ughamuighthe os a choinne.
"Nois léim suas, a Ghoillís," ars an
fear beag, "agus cuir an bhean-uasal
ar do chúl & béidhmid ag imtheacht. Ní
fada uainn an mhaidin anois."
D árduigh Goillís í ar mhuin a chapaill
féin, & léim sé féin suas róimpi, agus
"Éirigh, a chapaill", ar sé, & chuaidh an
capall in a láin-rith & na caiple eile
leis, no go d-táinig siad go dti an
fhairge
"Éirigh & thart leat," ar gach fear
aca, "Éirigh & thart leat," ar Goillís, &
ar an móimeud d'éirigh an capall faoi
& rinne sé léim ins na speurthaibh agus
tháinic sé anuas in Éirinn.
Níor stad siad in sin acht chuaidh
in a rása go dti 'n áit in a rabh teach
Ghoillís, & an ráth, & nuair thainic siad
cho fada leis, d'iompuigh Ghoillís & rug
sé le n-a dhá láimh ar an g-cailín óg &
léim sé síos de 'n g-capthall, ag rádh,
"Goirim agus coisricim chugam péin thú
'n ainm Dé."
Ar an m-ball sul do bhí 'n focal a¬
mach as a bheul, thuit an capall síos, ach
cad do bhí ann ach sail ceuchta i ndeár¬
na siad-san capall de; agus gach uile
chapall a bhí aca budh mar sin a rinnea¬
dar é. Bhí cuid acu ag marcuigheacht
ar shean sguaibh, & cuid eile ar bhata
briste, & cuid eile ar bhuachalán, no ar
fhórán
Ghlaodh na daoine maithe go léir an
uair i chualaidh siad creud a dubhairt
Goillís, —
"A Ghoillís a bhodaigh, a Ghoillís a bhith¬
eamhnaigh; ná rabh maith agad a Ghoillís;
cia 'n fáth ar imir tú 'n cleas sin or¬
rainn?"
Ach ní rabh cumhacht ar bith acu ar an
g-cailín d'fhuadach leo 'réis Goillís a
coisrictheadh dhó féin.
