AN GAODHAL.
97
"O a Ghoillís nach deas an obair í
sin a rigne tú dhúinn & sinne cho chin¬
eálta sin leat-sa. Cad é 'n maith a¬
tá againn anois as ar d-torus go dti
an Róimh, & go dti 'n Fhrainc. Ná bac
leis go fóill, a bhodaigh! ach íocfaidh tú
sin am eile, creid sinne go m-béidh aith¬
mheul ort."
"Ní béidh aon mhaith aige le gághail as
an g-cailín óg," ars an firín beag do
bhí ag caint le Goillís annsan b-pálás
roimhe sin, & mar dubhairt sé 'n focal
dhruid sé anonn leis an óig-bhean agus
bhuail sé bos ar a leithceann.
"'Nois," ar sé, "béidh sí gan caint
feasta 'Nois, a Ghoillís cad é 'n mhaith
dhuit-se í, nuair i bhéidh sí balbh? Is mi¬
thid dhúinn imtheacht, ach béidh cuimhne ag
at orrainne, a Ghoillís na g-cos dubh!"
Nuair i dubhairt sé sin shín sé a dhá
láimh amach, & sul d'fheud Goillís aon
fhreagradh thabhairt dhó, bhí sé fhéin & an
chuid eile dhíobh imthighthe asteach annsan
ráth ar a amharc & ní fhacaidh sé iad
níos mó
D'iompuigh sé chuig an óig mhnaoi &
dubhairt sé léithe,
"Buidheachas le Dia, tá siad imthighthe;
nach feárr leat fanamhaint liom-sa ná
leo-san?"
Níor fhreagair sí focal. Tá buaidh¬
readh & brón uirri fós, ar Goillís in a
inntinn féin, & labhair sé léithe arís.
"Tá faitchios orm go g-caithfidh tú 'n
oidhche seo i chathadh i d-teach m' athar, a
bhean-uasail, & má tá aon nidh is féid¬
ir liom-sa i dheunadh ar do shon, innis
dam é & béidh mé mo shearbhfhóghanta
dhuit."
D' fhan an cailín breágh, sgiamhach 'na
tost, ach bhí deora in a súilibh, & bhí a h-
eudan bán & dearg 'r éis a chéile.
"A bean-uasail," arsa Goillís, "inn¬
is dam creud budh mhaith leat a dheunadh
anois. Nior bhain mise chor a bith leis
an dream sidheoga sin a rug leo thú
Is mac feilméara cneasta mé, & chuaidh
mé leo i ngan fhios dam. Má thiucfaidh
liom do chur air ais go d'athair deun¬
faidh mé é, & guidhim ort úsáid ar bith
is mian leat do dheunadh dhíom anois."
Dhearc sé in a h-eudan & chonnairc sé
an beul ag corughadh amhail a's dá m-
beidheadh sí dul a labhairt, ach níor thai¬
nic aon fhocal as.
"Ní féidir," arsa Goillís, "go bh-fuil
tú balbh, mar chualaidh mé thú ag caint
le mac an righ annsa b-pálas anocht.
Nó an ndéarna 'n diabhal sin balbh dá¬
ríribh thú, nuair a bhuail sé a lámh ghrán¬
na ar do ghiall?"
Thóig an cailín a lámh mhín bhán, agus
leag sí a meur ar a teanga ag tais¬
beáint dhó gur chaill sí a guth & a caint
& rith na deora amach as a dhá súil san
am ceudna cho luath le sruthán, agus go
deimhin ní rabh súile Ghoillís féin tirm,
mar, cho garbh a's bhí sé taobh amuigh, do
bhí croidhe bog aige, & níor fheud sé amh¬
arc an chailín óig a sheasamh, & í ins an
riocht mí-ádhamhuil sin.
Thosuigh sé ag smuaineadh leis féin
creud budh chóir dó a dheunadh, & níor
mhaith leis a tabhairt a bhaile leis féin
go teach a athar, mar bhí fhios aige go
maith nach g-creidfeadh siad é, go rabh
sé ins an bh-Frainc & go d-thug sé air
ais leis inghean Righ na Fraince, & bhí
faitchíos air go ndeunfadh siad magadh
faoi 'n óg-mhnaoi uasail, nó go g-cuir¬
feadh siad droch-aighneas uirri.
Nuair i bhí sé mar sin in amhras mhór
& gan fhios aige creud do dheunfadh sé,
thárla gur chuir sé a lámh in a phóca, &
fuair sé páipeur ann; tharraing sé a¬
mach é & breathnuigh sé air, agus ar an
móimeud d'aithin sé bulla 'n Phápa
"Glóir do Dhia," ar sé, "tá fhios ag¬
am anois creud do dheunfaidh mé, bhéar¬
faidh mé liom go teach an t-sagirt í, &
nuair fheiceas sé a phárdún inseo, ní
dhiúltóchaidh sé dham an bhean-uasal do
chongbháil, & a cothughadh."
D'iompuigh sé do 'n óig-mhnaoi arís &
d'innis sé dhí go rabh leisg air í thabhairt
go teach a athar, ach go rabh sagart
(Le bheith leanta.)
To get the Gaelic Journal. Send 6s to the Man¬
ager, Mr. John Hogan, 8 Leeson Park-avenue,
Dublin, Ireland.
