106
AN GAODHAL
Music
Joyce's A.I.M. p. 70
Petrie's A.I.M. Nos
594,
1440,
1517.
TÁILIÚR AN MHAGAIDH.
Mr. P. Hannon, St. Louis, Mo. says. —
M. J. Logan,
Dear Sir: There are two stanzas of this song in
O’Faherty's Siamsa an Geimhridh, but I have not seen
the rest of it in print.
[We think that the song is a mixture of songs or
that the composer was a very erratic individual, at
the same time we print it for what it is worth, Ed]
1
Is truagh nach bh-fuil mise agus tusa, a bhéilín bhinn,
Faoi fhasgadh na coille, a's gan duine ar beo bith bheith linn,
Ná bád a bheith againn a sháróchadh an gála trom,
A's go d-tiurfainn an aindhir gan neamh-cead a mhuintir
liom.
2
Gan bo gan gamhuin mo leanbh, fágadh mé,
'S dá m-beoch aon rud acu ní agam-sa fágfaidhe é;
A siúbhal chois cladaigh budh aigeantach 's b'árd mo léim,
Ach nuair i chuaidh ar mo mheisneach sé dubhairt siad go m-
báithtear mé.
3
Shíos i Sligeach tá roinn de mo cáirdibh gaoil,
A's inghean dhuine eile a dhiúltas a pósadh i réir;
Tabhair sgeul uaim aici gur minic a phóg mé a beul,
A's go b-pógfainn í tuille dá d-teannfaidís bólachd léi.
4
Tabhair sgeul uaim aige go deimhin, nach b-pósfad é,
Anois ó fheicim gur thréig sé ar bólachd mé ;
Nuair nach bh-fuil agam-sa ealach, no mórán spré,
Bidheadh a rogha bean aige 's béidh mise ar mo chómhairle féin.
5
Is fad ó chuir m' athar mé ar asal ag iarraidh mná,
Siar chois fairrge gur bhuail an arraing mo lár,
A filleadh ar m'air dhom do sgiobadh an srian as mo láimh
Is ag Dia go rabh m'anam má chaillim níos mó le mnáibh.
6
A tháilliúir a mhagaidh go deo, deo, ní phósfad do mhoc,
Ach pósfaidh mé an talamhuigh a dhéanas go domhain a theach,
'S éireochas ar maidin 's a chraitheas an síol i g-ceart,
'Snach suidhfidh ag cois doruis i feadaighil 'sa ruagadh cearc
7
'San áit i mbidheann fasgadh bidheann raithneach 's feur a fás
Bidheann neadracha meala go fairsing ar bhárr an fhéir,
Bidheann na bric ruadh a rithe sna bradáin a siúbhal go réidh,
'S nach h-iad na fir mhaithe a phósas na mná gan spré.
see Gaelic Journal
No 172 p. 710
Siúbhan
Sighle Ní' c
Uibhir
táilliúr
T.
doighain
T.
ruthaidh
