(22)
11Mhadh Rol. Uimh. 10.
LUGHNÁSA,
1896.
GOILLÍS NA g-COS DUBH.
(Leanta)
maith macánta do bhí muintreach leis
féin, ⁊ go d-tiúbhradh seiseann aire
mhaith dí, dá mbudh mhaith léithe fanamh-
aint in a theach-san, ach dá mbeidheadh
aon áit eile do b'fhearr léithe go dtiúbh-
radh sé do 'n áit sin í.
Chrom sise a ceann, ⁊ thaisbeán sí
dhó go rabh sí buidheach, ⁊ thug sí le tuig¬
sint dhó go rabh sí réidh le n-a leanamh-
aint in áit ar bith do bhí sé dul. "Rach-
amuid go teach an t-sagairt, mar sin,"
ar sé, "agus tá sé faoi oibliogáid
dhamhsa, ⁊ deunfaidh sé rud ar bith a
déarfas mé.
Chuaidh siad, mar sin, go teach an t-
sagairt le chéile, ⁊ bhí 'n ghrian go dír-
each ag éirighe nuair a tháinig siad go
dti 'n dorus. Buail Goillís go láidir
é, ⁊ cho moch a's bhí sé, do bhí 'n sagart
maith in a shuidhe, ⁊ d'fhosgail sé 'n do-
rus, é féin. Bhí iongnadh air nuair a
chonnairc sé Goillís ⁊ an caillín, ⁊ bhí sé
cinnte gur b'ag iarraidh bheith pósta do
bhí siad.
"A Ghoillís na g-cos dubh, nach deas 'n
buachaill thú!" ar sé, "nach d-tig leat
fanamhuint go d-ti 'n deich a'chlog, nó
go d-ti 'n dó-dheug, ach go g-caithfidh tú
bheith teacht chugam ag an uair seo ag
iarruidh pósta, thú féin ⁊ an gheirseach,
tá sé ro shonnda. Budh chóir fios a bheith
agad go bh-fuil mé briste, ⁊ nach d-tig
liom do phósadh, ar mhódh ar bith nach d-
tig liom do phósadh go dlisteanach — ach
ababú!" ar sé, go h-obann, mar dhearch
