sé ar an óig-mhnaoi arís, "i n-ainm Dé
cia atá agad inseo? cia bhfuair tú í,
nó cia h-í?"
"A athair," ar Goillís, "tig leat mé
féin no duine ar bith eile phósadh feas¬
ta, má's mian leat é, ach ní ag iarruidh
pósta tháinic mé chugad, ach le tabhairt
an pháipéir seo dhuit, & le iarruidh ort
má's é do thoil é, lóisdín in do theach a
thabhairt do 'n óig-mhnaoi uasail seo,' &
leis sin tharraing sé bulla 'n Phápa a¬
mach, & tug sé do 'n t-sagart le léigh¬
eadh é.
Ghlac an sagart é & léigh sé é, agus
bhreathnuigh sé go geur ar an sgríbhinn
& ar an seula, & ní rabh aon amhrus air
nach rabh sé n-a bhulla ceart ó láimh an
Phápa.
"Cia bhfuair tú é seo," ar sé le Goil¬
lís, & bhí an lámh ann ar chongbhaigh sé 'n
páipeur ag creatha le iongantus & le
luthgháire.
"O maiseadh," ar Goillís, go h-aorach
go leor, "fuair mé aréir é insa Róimh:
d'fhan mé cúpla uair in san g-cathair
sin nuair bhí mé ar mo bhealach chum an
óig-bhean seo (inghean Righ na Fraince)
do thabhairt ar ais liom."
Dhearc an sagart air amhail a's dá
m-beidheadh deich g-cloigionn air, ach gan
aon cheist eile do chur air, & dúbhairt
sé leis a theacht asteach chuige, é fhéin &
an ainir, & nuair a tháinic siad asteach
dhruid sé 'n doras & thug sé asteach
'san b-bárlús iad, & chuir sé in a suidhe
iad.
"Nois, a Ghoillís," ar sé, innis dham
go fírinneach cá bhfuair tú 'n bulla so,
& cia h-í 'n óig-bhean so, & má tá tú
féin as do chiall dá ríribh, nó má's ag
deunadh magaidh fúm a tá tú?"
"Ní'l mé 'g innsínt bréige dhuit nó a
deunadh magaidh," ar Goillís, ach is ó'n
bPápa féin i fuair mé 'n páipeur, & bu
as bálás Rí na Fraince d' fhuadaidh
mé 'n bhean-uasal so, & is inghean do
Righ na Fraince í."
Thoisigh sé ar an sgeul in sin, ⁊ d'inn¬
is sé an t-iomlán do 'n t-sagart, agus
bhí 'n oiread sin iongantuis ar an
sagart maith nár fheud sé é féin chong¬
bháil ó ghlaodhach amach ar uairibh, nó ó
bhualadh a dhá láimh le chéile.
Nuair i dúbhairt Goillís gur shaoil
sé ó'n meud a chonnairc sé nach rabh an
óigbhean sásta leis an bpósadh do bhí ag
dul ar aghaidh in 'san bpálas sul do
bhris sé féin & na sídheoga suas é, thái¬
nic lasadh dearg i ngruaidh an chailín, &
bhí sé níos cinnte go mbudh bhfearr léithe
bheith mar bhí sí, cho dona a's do bhí sí,
ná in a mnaoi-phósta do fhear budh
gráin léithe.
Nuair a dubhairt Goillís go m-beidh¬
eadh sé an bhuidheach de 'n t-sagart dá
g-coimhéadfadh sé in a theach féin í, dú¬
bhairg an fear cinéalta go ndeunfadh
sé sin cho fada 's budh mhaith leis, ach
nach rabh fios aige cad ba chóir a dheun¬
adh léithe, mar nach rabh aon tslighe acu
a cur ar ais d'a h-athair arís.
D' fhreagair Goillís go rabh imnidhe
air féin faoi 'n nidh ceudna, & nach bh-
faca sé aon rud le deunadh ach a cong¬
bháil go socair no go bhfáighdís rud faill
& ócáid rud éigin níos fearr do dheun¬
adh. Rinne siad suas é eatorra féin
in sin, go leigfeadh an sagart air gur
b' inghean d'a dhearbhráthair féin do bhí
aige, do tháinig ar cuairt ar condae
eile, & go n-innseochadh sé do h-uile dhui¬
ne go rabh sí balbh, & go n-deunfadh sé
a dhíthchioll uile dhuine a chongbháil uaithe.
D' innis siad do'n óig-mhnaoi creud do
chuir siad rómga a dheunadh, & thaisbeán
sí le n-a súilibh go rabh sí buidheach díobh
Chuaidh Goillís a bhaile in sin, & nuair
a chuir a mhuintir féin ceist air cá rabh
sé, dubhairt seisean gur thuit sé in a
chodladh ag bun an chloidhe & gur chaith sé
an oidhche in sin.
Budh mhór an t-iongnadh bhí ar na cómh¬
sanaibh nuair thaisbeáin an sagart cóir
bulla 'n phápa dhóibh, & nuair a fuair sé
a shean áit ar ais arís, & bhi luthgháir
ar h-uile dhuine mar, go deimhin, ní rabh
locht ar bith ar an duine mhacánta sin,
ach amháin go rabh iomarcadh dúile 'san
m-braon aige nois & arís, ach níor fheud
duine ar bith a rádh go bh-facaidh sé a
riamh é i riocht nach dtiucfadh leis "Seo!
faoi gairm do shlánte" rádh cho maith le
fear ar bith eile 'san ríoghacht.
