AN GAODHAL.
111.
SAOIRSE NA h-ÉIREANN.
Leis an nGabhardonn.
A Shaoirse gheal do thréig tú Éire;
Do thréid tú tír na n-daoineadh ngléire,
A's tá sí cráidhte, claoidhte, sínte,
Gan neach a chluinfeadh fuaim a caointe.
Faoi dhaorbhruid mhóir tá clann ar d-tíre,
Do bhídh fad ó feoi 'n nglóir do b' fhíre;
'Nois tá siad sgaptha, scaithte, briste,
Óir b' é a námh an té budh chliste.
Do chlaoidh sé Éire, — tá sí claoidhte,
'S an mbrón is mó 'nois tá sí suidhte;
Monuar! atá sí bocht, dobrónach,
Tá fuaim a ceoil lag, ullagónach.
Ní 'l dóthchus air ar n-daoinibh bochta
Go bh-feicfid laetheanta neamhlochtach'
Ag Éirinn 'rís mar bhí a bh-fad ó
'Nuair bhí a lóchran geal d' a fhadógh;
'Nuair bhí a daoine treun i m-bualadh
Roimh tháinic breugaire d' a d-truailleadh;
Do bhíd chó flaith'mhail, meisneamhail, fear'mhail.
Monuar! go n-deachaidh siad ar mearbhal.
Éist! cluinim glór ar n-daoineadh treunmhar
Os cionn gach fuama duibhe leunmhair'
Ag rádh os árd — béidh tú in-áirde
A bhrataigh ghlais tre neart do cháirde.
Le chéile 'nois ar fud ar d-tíre,
A chlanna Gaodhail! a chlanna fíre!
Ná bí bhur g-ceart mar dheirc ag iarraidh,
Acht buailídh síos bhur námh go síorruidhe
Le lannaibh geura 's le píocaibh móra
'Nois strócaídh neart bhur sgriosadóra
'S a bhratach dearg 's an dríodar sínídh
A's cuirídh 'r g-cúl glóir mhór a chine.
'Nois lonnruigh orruinn-ne, a shaoirse!
A's cuir ar g-cúl go bráth ar n-daoirse,
'Nois neartuigh lámh a's croídhe ar n-daoineadh
Neart mhór ar náimh gan mhoill do shrianadh.
An-fhada bhí ar d-tír d' a losgadh;
An-fhada in a rian féin cosgtha;
An-fhada claoidhte, sgriosta, cráidhte,
Faoi thuiltibh móra eugcóra báidhte!
Acht feicfimíd go luath ar n-Éire
Tre neart a's brigh a daoineadh gléire,
Ag éirghe as a daorbhruid deorach,
Ag éirghe glórmhar, glinn, onórach.
A's tiocfaidh tú, a shaoirse órdha
Ag sgapadh orruinn glóire móire;
Beidh síothcháin, onóir, sógh, a's láine
Coróin a's glóir ar d-tíre báine.
