116.
AN GAODHAL
SONG OF THE A. P. A'S,
By Mr. PATRICK CASEY, Malden, Mass.
1
Éist liom, a charaid, cia go bh-fuilim greaduighthe, cráidhte ó'n saoghal,
T'réis bheith ag éisteacht le paca gurb ainim doibh Á P. É. ;
Daoine gan baiste, gan teagasg, gan áird 'san t-saoghal,
A's cad a dheunfaidh a n-anam nuair a racha sé a láthair Dé!
2
'Nuair éirghid ar maidin ní'l paidir ná cré 'na m-beul,
Acht móide 'gus mionna, a's go deimhin is gránna é a m-beus;
Tá 'n chróinseach mhalluighthe tarcuisneach fíochmhar riamh,
Agus tá seula ar a n-anam go daingean ag righ na n-diabhal.
3
Táid siad 'na m-beathaidh agus nár mhairid siad bliadhain 'san t-saoghal,
Ná aoine de 'n chine do chuirfeadh iad síos faoi 'n g-cré;
Dá bh-feicfinn iad marbh ní shilfeadh mo shúil le braon,
Mar siad do chuirfeadh an cealg go daingean tre lár mo chléibh
4
Cuimhnigh a's machtnaimh nach caraid duit Á. P. É.
Táid siad ar tí do mharbhuighthe, cosain do chroidhe le faobhar;
Buail an madra gurb ainm dó Á. P. É.,
Sín 'san lathaigh é agus leicfidh sé mile béic.
5
Táid siad le fada d'ar n-greadadh gan cúis gan ádhbhar,
Is olc é a g-cleachta, tá bracha 'na g-croidhe 'gus feall;
Fál agus falla níor stopadar fós, na deamhain,
Agus is é mo mhairg mar a thángadar riamh análl.
6
Táid siad ag árdach a m-brata ar an d-talamh, ag deunamh laoch,
An t sean mheirge mheirgeach, buidhe, gan seun ;
Gan clú, gan cariaid, acht an tOrange, a's an t-Á. P. É.,
An t-ál is measa do sheasaim ar barr an fhéir.
7
A righ na bh-flaitheas an maithir do 'n Á. P. É.
Tá sé ag canáid 's ag magadh 's ag spalpadh na leabhar gan spéis,
Ag doghadh a's ag stracadh a gan fhios 'nuair fhaghann sé an chae,
Agus tá caint na theangain is measa ná míle craos.
8
Deinim dánta fada, agus is anamh do cháinim féin
Aoine thagann fé mhaise ó thir na naomh;
Acht ní ghrádhaim an Breatan, an t-Orange ná 'n t- Á. P. É.,
Mar sé cháineas an sagart, an t-easbog a's Pápa Dé.
9
Cuirfeam-ne scaipeadh go tapaidh ar Á. P É.,
Tá gárda d' fhearaibh sé arm ag Gráinne Mhaol
Do throidfidh an grathain ar mhachaire mór gan baoghal,
Agus chidhfear an t-Orange 'na sgeannairt ar bharr an fhéir.
Críoch.
