AN GAODHAL.
119
AN GARSÚINÍN GAODHALACH,
A Deir Sé.
Le A. Mulala.
"A Sheághain, bh-feiceann tú 'n filbín?
Tá imreas in a ghuth,
Tá cogadh in a chathbháirín
'S in a bhuillidh tógbháil tiugh.
Sgiobfaidh sé 'n ghruaig díot
Má shiúbhalair annsa bh-fál,
'N áit bh-fuil a chéile tabhairt faire
D' a nead a's d'a h-ál.
Agus tá feithide deas sa n-áit seo,
Ag ar ainm di easóg,
Tá sí ausal & oórach,
Gidh aithiseach go leor,
Óir má scapann tú a h-árus
Nó má ghortuigheann tú a h-óg,
Tiucfaidh sí ort 'san oidhche
Agus geárrfaidh sí do sgóg.
Ní'l spéis aici bheith comhnuidhe
Ag caisleáin daoineadh mór',
Agus is anamh bheir sí cuairt
Ar teampuill Gallda, úr';
Ach feicfir í gach lá sa m-bliadhain
Timchioll na sean m-ballaidhe,
'N áit i g-comhuigheach 'san am ársa
Bráithre bocht' a's mánaighe.
Ce be áit i mbidheann na garsúin —
Anns an bh-fál ag imirt báire,
Do feicir í in a n-aice,
Rithe rása ar an g-cloidhe.
'Gus c'fhaid is tá sí faire 'n bhuachaillín
A tá cathughadh dhe a chota,
Do shaoilfeadh fear gan eolas
Gur thóig sé í in a pata,
Is ró ait le fear an agaird
Do feicsint ag a chruaigh,
Is má ritheann sí d'a sgioból
Ní chruinnigheann ar a mhala.
Fághann sí módh ó 'n m-báirseoir,
'Gus urraim ó mhaor na n-eun,
Oir ní ritheann siad as aon áit í
Ar mhatha leo féin.
Tá 'n easóg glan, árd-inntinneach,
Ní bhídheann sí congailt cnámha,
A's ní íosaidh sí de, chonáblach,
