(23)
11Mhadh Rol. Uimh. 11.
OCHT-MHÍ
1896.
GOILLÍS NA g-COS DUBH.
(Leanta)
Ach má bhí iongantas orra an sagart
d'fheicsint arís in a shean-áit, bu mhó go
mór a n-iongantas faoi 'n g-cailín do
tháinig go h-obann d' a theach gan fhios
ag aonduine cá 'r b'as dhi, nó cad é an
gnó do bhí aici in sin. Bhí cuid de na
daoinibh ann a dubhairt nach rabh gach
uile nidh mar budh chóir, ⁊ cuid eile "ná
'r bhféidir é go d-tug an Phápa a áit a
rís do 'n t-sagart 'r éis a bhaint de
roimhe sin mar gheall ar an g-clamhsán
do bhí acu air i d-taobh na meisge."
Agus bhí cuid eile acu a drbhairt nach
rabh Goillís na n-gos dubh cosamhuil leis
an bh-fear ceudna do bhí ann roimhe sin,
⁊ go m-budh mhór an sgeul é go rabh sé
ag triall gach lá go teach an t-sagairt
⁊ go rabh cion ⁊ meas ag an sagart air,
rud nár fheud siad a ghlanadh, fuar air
cor a bith.
B'fhíor dóibh go deimhin, mar b' anamh
an lá chuaidh thart nach rachfadh Goillís
go teach an t-sagairt ⁊ nach m-beidheadh
caint aige leis, ⁊ leis an óigh-mhnaoi ua-
sail, ⁊ chó minic ⁊ thiucfadh sé bheidheadh
súil aige go bhfuigheadh sé i go slán agus
cead labhartha aici arís, acht, faraoir,
d'fhan sí in a tost ⁊ í balbh, gan léigheas
nó biseach.
Nuair nach rabh aon chaoi eile aici le
deunamh cainte leis, do rinne sí sórt
cómhrádh eidir í féin ⁊ eisean le corr-
ughadh a lámh ⁊ a meur, le sméidheadh a
súl, fosgladh ⁊ dúnadh a béil, le gáire ⁊
mion-gháire ⁊ le míle comhartha eile, i
riocht nach rabh sé fada no gur thuighea
