dar a chéile go h-an mhaith. Bhí Goillís
g-comhnuidhe a smuaineadh cad é 'n chaoi
a thiucfadh leis a cur ar ais d'a h-ath¬
air, ach ní rabh aonduine le dhul léithe &
ní rabh fhios aige féin cad é an bóthar
budh chóir dí a leanamhuint mar nach rabh
sé i riamh ar a chondae féin go d-ti an
oidhche sin a rug sé leis í.
Ní rabh aon eolas do b'fheárr aig an
sagart, ach an uair i d'iarr Goillís air
sgríobh sé trí no ceathair de leitreacha
ó am go h-am go "Righ na Fraince," ag
innsint dhó cás a inghíne & ann áit in a
rabh sí, & thug sé iad do lucht cheannuigh¬
the ceannuighthe & díoladh earraidh do bhí¬
dheadh ag dul ó áit go h-áit tar sáile
ach níor tháinic ceann acu go láimh an
Righ, mar chuaidh siad uile amugha.
Is mar sin bhí siad le mórán míos,
& bhí Goillís ag tuitim i ngrádh léi níos
mó & níos doimhne gach lá, & budh léar
dó féin & do'n t-sagart go rabh dúil
mhór ag inghín an Righ i nGoillís. Bhí fait¬
chíos mór ar an m-buachaill ar deireadh
go g-cluinfeadh an Righ dáríribh an áit
in a rabh a inghean & go nglacfadh sé ar
ais uaidh féin í, & chuir sé impidhe air
an t-sagart gan sgríobhadh níos mó ach
an chúis do leigint faoi Dhia
Budh mar sin a chaith siad an aimsir
ar feadh na bliadhna, go d-thainic lá d'a
rabh Goillís in a luidhe leis féin ar an
bh-feur, lá deireannach de mhí deireadh
an fhóghmhair, & é ag smuaineadh arís in
a inntinn féin ar gach nidh d'ar thárladh
dhó ó 'n lá a chuaidh sé leis na Sidheog¬
aibh thar an t-sáile
Chuimhnigh sé go h-obann gur b' air
oidhche Shamhna do bhí sé in a sheasamh ag
binn an tighe nuair a tháinic an fromán
gaoithe & na sidheoga, & dubhairt sé leis
féin, "Béidh oidhche Shamhna againn arís
amárach & seasfaidh mé 'san áit cheud¬
na do bhí mé nuraidh, go bh-feicfidh mé a
d-tiucfaidh na daoine maithe arís, budh
fhéidir go g-cluinfinn no go bh-feicfinn,
rud éigin do bheidheadh úsáideach dham
no bhéarfadh air ais a caint do Mháire
(budh é sin an t-ainm do ghlaodh sé féin
& an sagart ar inghín an Righ mar nach
rabh fhios ag ceachtar acu cad é an t-
ainm ceart a bhí uirri)
The follow address on the present state of Arme¬
nia was delivered recently before the O'Growney
Gaelic League of New Haven, Ct. by its President
Mr. Thomas Callaghan, —
Dá siúbhalfuidhe na régúin as de chéi¬
le, sé sin ó éirighe na gréine go d-ti a
dul faoi, ní'l aon daoine eile faoi
throm chrádh mar na h-Árméinic ar an
am láithreach. Ní'l truaigh nó trócaire
ag na Turcaighe malluighthe dóibh. Tá
fóghuil d'a deunadh a s fuil d'a dórtadh
gach lá gan cuir gan cúis ach amháin a g-
creideamh beannuighthe a chuir Dia in a g-
croidhe Dá ndeunfid siad malairt
creidimh leis na Turcaibh neamh-Chríost¬
amhla bheidheadh an sgeul go maith. Acht
ar nós na n-Éireannach, tá siad buan-
seasmhach i g-creideamh a sinsear.
Tá bailte móra & bailte beaga in a
lasracha mar bhí Mosgó i bh-fadó, 'sé a
fhad 'sa ghearr — is coga dearg é. — Tá
Críosduidhe ar an láimh dheis, & págán¬
uigh ar an taobh chlí; & dá t-tiucfadh na
diabhail is milltighe ó fhíor-fhíochtair
ifrinn níor bh'fhéidir leo bheith níos mea¬
sa ná mar atá na Turcaigh.
Do chuir righte & prionsuidhe na h-Eor¬
pa oifigidhe & márneulaigh ar bord long
choga ag cuan Constantinople chum cos¬
aint a dheunadh ó 'n trom eugchóir, acht
in áit sin, sé rinneadar an sgeul go
mór níos measa.
Mo náire ar chumhachta na h-Eorpa;
caithfidh siad fragairt fós i láthair
Dé. Is gnóthuighe leis an árd Thurcaidh
meallta chúl a lámh a chur le gach náis¬
iún, ag rádh, 'san am ceudna, "Táim
nearthmhar treun, — ní féidir mé i
smachta, nó mé chuir faoi chois. Ní'l
aon aimsir agam chum clos do thabhairt
daoibh chum réidhteach do dheunadh. Tá
ceud ban faoi mo chúram — cailínidhe
deasa, togha na tíre, caithfidh mé frith-
eola ortha nó bás fhághail. Ní'l aon
chobhair a bheith i súgradh nó a bagairt
ar na Turcaigh, ach iad a bhrughadh & a
mhionadh le púdar & le pileur. Tá dul
aca dorchadas an bháis, os coinn na
h-Armenica, & béidh go brách nó go
sgriosfar iad ó aghaidh na cruinne.
Le uirim & mór mheas, gabhaim beus
libh go léir,
TOMÁS O CALLACHÁIN,
