124
AN GAODHAL
AN CUIREADH.
Leis an nGabhardonn.
A! eirghe a's tar liom, a ghrádh geal mo chroídhe,
Siubhólamaoid sealad faoi reultaibh na h-oídh';
Is mian liom cómhluadar a dheunamh leat féin,
A! éist liom, a stóirín, 's béidh mór é do sheun.
Na h-éist le do mhathair acht tar liom anois,
Béidh lonnraighe do ghnúis gheal 'ná aingeal i bh-fas,
'Nuair déirim id' chluasaibh — tusa mo ghrádh —
'S mar ghréin ghil ag éirghe, éireóchaidh mo ráth!
Feuch! iarraidh na srutháin an bhóchna a choídh —
Feuch iarraidh an Fhainleog a nead ins an tuighe —
An iongantach leat-sa nuair iarraidh mo chroídhe
A shuaimhneas id' bhrollach, a mhúirnín na m-brigh?
Ní'l suaimhneas le fagháil dam 's an domhan so go bráth,
Muna d-tugaidh tú dham-sa, a chuisle, do ghrádh :
Méideochaidh do ghrádh-sa mo ghrádh-sa gan chríoch
Mar mheuduigh an connadh an teine 'san oídhch.
Och! tréigidh mo chiall mé! och! éist liom a stóir!
Ní'l ceol ins an domhan so acht ceol suairc do ghlóir.
Beidh ceolmhaire é, nuair a chluinim tú 'rádh —
Mo rógha amháin thú ! mo rógha go bráth.
A! éirghe a's tar liom, deun deithfir, a chuid.
A! tréigidh gan mhoill suaimhneas socair do nid,
A's gheubhaidh tú sólás gan traothadh i d' chroídhe
A ghrádh geal na n-uaisleacht, fan agam a choídh.
SEINÉID.
Leis an nGabhardonn.
Nach suairc an solus 'nuair atá an ghrian
Ag soillsiughadh doruis ghil an lae, 's ag teacht
Go nearthmhar ar a seomra, faoi n-a smacht
Béidh gach aon nídh faoi neamh, a's in a rian
Taireongaidh sí iad uile; 'sin a mian!
Is í an ríoghain is mó ; is truen a reacht
Is ríoghain í de'n domhan so, ríoghan ro-bheacht!
Óir riaghluigheann sí a bh-fogus a's a g-cian.
Is suairc lem' shúilibh solus sámh an rae,
Is suairc liom do sholus-sa, a ghréin!
'S gídh deas an oídhche le n-a míltibh súl,
Is deise thú, sholuis bhreágh an lae!
Do thugas grádh dhuit, 's tú mo shult, mo sheun;
Is cosamhuil thú le Cruthuightheor na n-dúl.
