AN GAODHAL
125
Ceapuighthe agus Scapuighthe le Maitias Ua Guairiam ag Spreagadh na nGaodhal
le Dúil an Ghaodhailge Athmhúsgailt, agus tá fhios ag an saoghal gur mithid dhíobh
Dúiseacht. — Fonn. — Óglaoch na Rann.
M-béidh Gaodhail go brách faoi riaghal na nGall,
Ag labhairt Béarla gránna an mhillteóir?
An té dheun creach 's ár, slad 's feall
'S d'fhág chach ar lár gan aon treoir;
Nach truagh bhur nGaodhailge atá 'nois claoidhte, fann,
Nach mairg go bh-fuil a cliu 'sa bláth ag críonadh —
Nach cloidhreadh an chail í síúd d'a clann,
Agus béidh siad ar ball gh'a caoineadh.
Ba aoibhinn an t-am do labhair naomh a's bard
Teanga bhinn, mhilis, bhreagh na Féinne,
Ach ta a cliú 'sa cail anois gan áird
Óir cluintear fir a's mna d'a séanadh;
Ta leamh spiosáin amhuil amhuis Gall
Do shíor a's do ghnáth gh'a daoradh, —
Gráin ar gach treall a thréig í le feall,
Agus tá náire ar a clann í shaoradh.
Níor mheasa Gall na 'n Gaodhal bocht, dall,
Do thréig creideamh agus gnás a shinnsir,
Agus a d'iompuigh le Gall súil tiodal d'fhaghail,
Anois an phéist is Gaill, a chlann 'sa mhuintir;
Nach iomdha guag a's treall ar fud Innis Fail
A dhiúltaigh teanga Phadraic a's Bhríghde
Agus do shluig Sacs Bhéarla 'n Ghaill trá fuair siad faill
Aig tuar fhuath agus gráin na tíre — Achd eist:
Cluintear teanga Innis Fail 'g éirighe ó ghalradh 'n bhais,
D'fhág lumartha gan blá no geug í,
Agus tá sí 'nois an aghneán l an d'dhilleabhar glas a fás,
Agus ní feicfear aríst go brách faoi neul í;
An trá bhí sí ar lár go lag claoidhte, fann,
Agus nar bh'amuideach iad a clann do thréig í.
'S ní rabh a leigheas le fághail i d-tir no ndánn,
No gur aithbheodhuigh, Seághan Mac Éil í.
Ta fuaim teanga bhinn na m-bárd ag éirgheas go h-árd,
'Nois an mac alla ins na gleannta ag géimneadh,
Mar do scap a cliú 's a cáil in gach uile righeacht 's cárd
Agus go mairidh sí go brach mar an gceudna,
Gráin ar na fir atá 'nois cuir buaireadh ar chach,
Nach ngabhaidhn le aon laoch amhain mar cheann Féadhna
Arson Éireann agus a grádh an Ghaedhilge mar ba ghnáthach
Beidh tathuaigheadh go daingean dlúth gan séanadh.
Cluintear Éireannaighe do ghnath ag cáineadh clanna Gall
Agus a deunadh seanmóirighe Gallda san m-Béarla,
Achd ní ghéillimse do chach gidh gur meanmnach a g-cáil.
Oir is ionann iad a's Gaill phoic gan Ghaedhilge;
Nuair a chríonann an crann searguigheann a bhláth,
Agus ní úruigheann sé go brách na dhiagh sin;
Mar siúd bhidheas gach traill feodhughadh faoi riaghal Gall,
Ghnidheas teanga 's creideamh Phadraic a thréigsin.
