AN GAODHAL
131
'S ba nár liom í stop;
Chum gur sméideas suim gan áireamh
Le géimh a g-coillte fásaigh
'S gan aon-ne tigheacht thar bráid ann
Acht cága bhí ar gor :
Lem' bréithre grinn níor bh' fhulair liom
I thástáil le ceist,
As an nGaodhailge chaoin do rádhaim léi
"Cad fáth bheith ag gol?
No'n naomh-bhean sidhe o'n m-Blárnainn,
De phreimh-shliocht Fhinn do tháinig
Faoi'm dhéin, tu, go h-Uibh-ráthach
Chum dánta do chlos?
3
No 'n fíor gur tu-sa an Bhlánait
Do chlaoidh Cúraoi mhac Dáire
Dhá druim i n-inis Fáilge
Na sár fhear, gan locht?
No 'n rig bhean do thug "Iáson"
Ó Colchis ar bord árthaigh
Go righeacht na Gréige, áitreabh.
Alainn, deas leis?
No 'n fíor gur thu an diána
Bhí snámh ar an loch,
'Nuair a ghaibh Actaeon thar bhráid
'S gan aon t-snáith ar a corp,
Le n-ar dhein sí fiadh mór, bán, de.
De dheasgaibh bheith ag rás léi
'S a chonnairt féin gur thnáigh é
Ar an láthair, de gheit?
4
D'fhreagair sí bog, tláth mé
De 'n chómhrádh chliste, ghrádhmhar,
Dá chanadh gur b' í Gráinne í
Do tháinig 'na post,
Le teachtaireacht faoi m' dhán-sa.
Go g caithfeadh connairt Mártain
Gan bacadh leis an b-Pápa,
'Gus síothcháin a thabhairt dhó.
D'réir tarraingeacht na mná
Táim i n-áirighthe dhe,
Go m-beidh an-mhileadh Spáineach
i g-Clár-loirc na m-bocht,
Th'réis Garabaldi fhágaint
'S an úir ag tabhairt an fhásaigh :—
Nár fhóiridh Righ na nGrás ngeal
Ná Pádraig air.
5
Nár b' aoibhinn d' Inis Fáilge
Dá stríocfaidís na páithnigh
