(24)
11Mhadh Rol. Uimh. 12.
DEICH-MHÍ,
1896.
GOILLÍS NA g-COS DUBH.
(Leanta)
D'innis sé an rud a chuir sé roimhe
do'n t-sagart, agus thug an sagart a
beannacht dhó.
Chuaidh Goillís, mar sin, do 'n tsean
ráth, ag an dorchughadh, ⁊ sheas sé le
na uilin cromtha ar shean-leic liagh ag
fanamhuint go d-tiocfadh an meadhonoi-
dhche. D'éirigh an ghealach suas go mall ⁊
bhí sí mar chnaipín teineadh 'n taobh shiar
de ⁊ bhí ceo bán ann do bhí árduighthe as
na machairibh féir ⁊ as na h-áiteachaibh
fliuchta le fionn-fhuacht na hoidhche air
éis ain-teas an lae. Do bhí an oidhche cho
ciúin le loch nuair nach m-bidheann aon
ghal gaoithe amuigh a chorróchadh tonn air
⁊ níor rabh aon fhuaim le cloisint acht
crónán na g-ciarthóg do théidheadh thart
ó am go h-am, no sgread gheur obann na
ngé-fhiadhán ag dul o loch go loch, leath-
mhíle shuas ins an aer os a chionn, no
fead gheur na bh-feadóg, na gcrotach no
na bpilbín ag éirigh 's ag luighe, ag luidhe
's ag éirighe, mar is gnáthach leo in oidh-
che chiúin Do bhí míle míle reult gheal
ag soillsiughadh os a chionn, ⁊ do bhí beag-
án seaca ann a d'fhág an talamh do bhí
faoi na chois bán ⁊ briosg
Sheas sé in sin ar feadh uaire, ar
feadh dhá uair, ar feadh trí huaire; ⁊
do mheudaigh an sioc go mór, i riocht
gur chualaigh sé briseadh na d-tráinín
faoi na chois cho minic a's chorruigh sé í
Bhí sé a smuaineadh in a inntinn fé
dheire nach d-tiocfadh na Sidheoga an
oidhche sin, ⁊ go rabh sé cho maith dhó fil-
