AN GAODHAL
133
LECTURE IN IRISH.
[The following Irish Lecture was delivered extemporaneously before
a meeting of the Gaelic League of Boston by Mr. Patrick Casey, the
well known Irish poet of Malden, Mass].
Do bhí cnósach mhór ag Fuirinn na Gaodhailge a m-Bostún seachtmhain o shoin,
agus labhair cuid aca teanga na Sagsann, do labhair cuid aca teanga na Gao¬
dhailge. Do labhair duine uasal gurab ainm do Pádraig O Dálaigh, máighistir
na Gaodhailge; níor bh' fhuláir leo go labharfainn féin roinn focal 'n-a dhiaigh ⁊
so mar a dubhart:
Tá Pádraig O Dálaigh t' réis labhairt,
Go bog, binn, doimhin, daingean:
Do gheal mo chroidhe le fáth an aitis:
B' fheárr liom é ast oidhche am aice
Ná siolla ceoil bheadh a bpíb ag casadh
Is minic do bhíos a's go rinncfinn tamall
Lá le Pádraig, ar chlár no ar thalamh ;
(Acht do chruaidh mo chnámha 's is gearr go gcrapaid)
Do thabharfainn bliadhain go dian ag taisteal,
Ag siubhal go geur a n-diaigh a theangan;
Da bh-faghainn a trian d' feudfainn seasamh.
A's do mhúinfinn ciall do mhíle pearsa.
Tá sí milis fe 'n bh-fiacail, ná h-iarr a malairt.
Tá sí críona , acht ní'l sí caithte,
Tá sgáil na rós fós na leacainn
Agus gheabhair an ghlóire o n-a paidir (bualadh bas).
Gealeann mo chroidhe 'nuair chloisim an Ghaodhailge,
Tabharfad di taithneamh faid a bheadh ar an saoghal so,
Mar is í bhí 'san bhaile ag m' athair na h-Éireann:
A's dhéinidís margadh daingean a dteanga na Gaodhailge
'N-a suidhe a dtigh an tábhairne ag áireamh na spréadhana,-
'S iad a bhuaileadh an bórd agus d'óladh an "Bhéimis";
'Siad a ghearradh an fhóghmhar, mar ba mhór é 'gcuid saothair;
A's is iad a chaitheadh an Nodlaig gan ghoirg a bhfochair achéile
A mbóthar ná 'gcomhangar ní raibh "Hallow" 'ca ar aon chor;
Bhí "Dia agus Muire" 'ca ag beannugadh d'a chéile,
An té chaithfidh a bheatha go naomhta,
Beidh sé bh'fochair na naomh a's na n-aingeal a bhflaitheas an
[aon Mhic;
Abair do phaidir a d-teangaidh na Gaodhailge,
Ast oidhche 's ar maidin, 's ní dhallfaidh an claon tú ;
Éist leis an d-teagasg 's bíodh aifreann Dé 'gat,
Mar do baisteadh thú ad' leanbh a's do bronnadh ort éif¬
[eacht,-
Agus ní'l únsa dhi ag fiche dár tháinig o Éirinn.
B' in taidhreamh a dheineas 's níor thugas do geilleadh. —
Do shaoileas a n-urraig go bhfaghaimis "bille" do Éirinn
Agus greim ar an b pionna chum dligtheadh do dheunamh
Acht bhí mor-chuid na g-coinnimh de tiagharnaidhibh treuna,
'S iad ithid na coilligh a's an mion-eallaigh neuta.
Ní dheineann siad obair trosgadh ná treudnas,
