134
AN GAODHAL
Acht ag stopadh 'n a m-bolg, na bodairidhe breuna —
Táid siad ar tinneall, agus tuitfid gan eifeacht,
'S ní'l aon-ne ar a g-cine cuirfidh an olla ar a n-eudan,
Dá mhéid é 'g-cuid dlighthe, ní mhollfainn a d-tréithe,
Acht ní thabharfad breitheamhnas obann ar choigrighe éithigh,
'S iad do chuir sinn o oileán na h-Éireann,
Mar a m-bíodh nóinínidhe geala agus an chruithneacht go
[craorac
Bhíodh muc agus tarbh ar rachtaidhibh a n-Éirinn,
Cnaistiridhe casta agus bainne na g-caorach,
Bhestanna breaca agus casóga bréide,
'S ann a labhradh an sagart a d-teangaidh na Gaodhailge
[bualadh bas]
Is duine bocht mise do tháinig ó Éirinn,
Ní thuigim Laidean, ná dadadh de'n Ghréigis;
Nuair eirghim am sheasamh canaim an Ghaodhailge.
Agus cuirim na broinnil a d-triche ar gach taobh dhíom.
Tá 'g-cluasa go h-aireach mar bheadh seannach ag éisteacht
Agus fáinidhe bhuidhe óir de'n ghlan-chlodh ar a meuraibh;
Meallann siad óig-fhir le ceol agus éifeacht
Agus tá blas ar a b-póig do thógfadh na ceudta
Is mairg nách b-pósfadh óig-bhroinneal bheusach;
Chuirfeadh sí an "Citeal" a d-treogh doit, bheadh sí fór leat
['san tsaoghal so ;
Do róstfadh sí mór-chuid de fholaistidhe neuta
'S is í ghearrfadh an fheoil doit, dóithin da bhéile.
Dá m-beitheá breoite no leointe, thabharfadh sí braon doit
De shughlach na h-eornan do thógfadh o n d-taom thú
Dá n-ólfadh an bhólacht ní bhuailfeadh 'san bheul thú
'S thaithnfeadh a meon leat 'nuair thabharfadh an bhonóch doit
le breugadh.
Bhíos-sa a g-Cluain Meala 's a m-baile an Mhisteula;
D'fhaghainn snaois agus "tobac" ó chailligh shoibeusaigh :—
'S is suarach an ainm i ar shean-bhean aosta.
Tá críona 'gus caite, 's a cuid maitheasa deunta;
Tá 'mala chum tailimh agus a bhathas gan éifeacht.
'S í bheathaidh an leanbh le bainne 'gus "treacle,"
A's do cheartuigh an leabadh "sar" (sul) a gcrafpadh a gheuga,
Nuair a sgreadadh do phreabadh — is deacair i sheunadh —
An bhanaltra leanbach thaithneamhach ghleigeal,
Go mbíodh a dán ar a teangain a's í ag casadh na bréide
[bualadh bas]
"Castar na daoine ar a chéile
Acht ní chastar na cnoic ná na sléibhte" :
Ó táimid a bhfochair a chéile
Labharfaidh mé a d-teangaidh na Gaodhailge,
Agus go deimhin ní cheilfead a tréithe,
Mar níor chaill sí a h-ainim na a h-éifeacht;
Ní'l sé 'na coigcrioch éithigh;
Is mairg do dheunfadh í sheunadh,
Teanga mhilis bhlasta na h-Éireann.
Ní'l a samhail a n-aon bhall,
