AN GAODHAL
135.
Aon dúthaidh fé chúrsa na gréine.
'Sí mo chara 'san t-saoghal í;
A's is í a paidir dheunfaidh an t' anam a shaoradh.
Do labhair naomh Peadar a nGaodhailge,
Agus naomh Seághan mar an gceudna.
Do dhéin naomh Pádraig daonacht,
'Nuair a bheannaigh sé talamh na h-Éireann
Ní raibh cíosa ná íoca ar aon-ne —
A dhaoine dob' aoibhinn an saoghal é
Chum go d-táinig an chonnairt ar saothar.
Do dhéineadar marbhadh 'gus éigean;
Do loisgeadar leabhra na Gaodhailge;
Do stopadar aifreann Dé orainn,
Agus soisgeul an aon-Mhic.
[bualadh bas]
Sí an choróin Mhuire ghlórmhar do shaor sinn
'Nuair bhí 'n ghraithin ag cathamh na b-pleur linn :
Agus cuimhneochaidh mé chóidhche ar a n-"dearing"
Chum go síntear 'san chill ar mo thraost mé.
Tá mór-chuid dem' chomharsain ag éisteacht
Na tigheasaigh nách maoidhfeadh an béile ;
Bhíodar bríoghmhar na g-croidhe 'gus na ngeugaibh
'S is iad do chasfadh an bata draoighin éile.
[bualadh bas]
"Is beag is fiú beagán d'aon rud
Acht is mór is fiú beagán céille."
Táim chum labhairt mar gheall ar éifeacht
Mar sidé an ball go bh-fuil "Fuireann na Gaodhailge."
Labhairt na teangan is binne 's is gleithe,
An té léigheann leabhar a's do sgríobhann tar éise
Cuireann sé an mheabhair a g-ceann gan éifeacht.
An té thabharfadh domh-sa stróice dhe'n daonacht
do bheinn fór leis faid bheinn bheo ar an saoghal so,
Agus t'reis mo bháis go bráth dá bh-feudainn.
Mar sí teanga ar ndúthchadh í is clúdhaighe a n-aon-bhall :
Tá sí cumhra, plúrach, gleagal.
Cuireann sí fonn ar chroidhe na d-treudthadh.
'S dá mbéinn 'na h-iongnais bhéinn go dubhach ag éisteacht.
Ná déin í mhúchadh acht múin do'n t-saoghal í,
Tá sí lúthmhar, súgach, treunmhar.
Is ar mo ghlúinibh deirim na h-úrnaighthe a nGaodhailge,
Agus is mór na chúin-se na chúig mhistéiridhe.
[bualadh bas]
'Sé sagart an rúin an t-úghdar naomhtha
'Sé léigheann an t-aifreann is do chaitheann ann éide
A's do mhaitheann dúinn tréis coire do dheunamh.
Nuair thiocfaid an bás is air a glaodhfar —
An síothnaidhe gránna nach feiceann aon-ne
'Sé do thógann an leanbh a's an seanduine aosta
Ní bhreabfadh ór é ná mór-chuid spréadhana,
Ná a bh-fuil de shaidhbhreas ar an saoghal so.
Tóg sé riamh an mhéid a tháinig,
Ár gceud athair agus ar gceud mháthair,
A's tógfaidh a dtiocfaidh, bhe 'cu 's mó an tuile no t-áir¬
[eamh.
