136
AN GAODHAL
Agus tógfaidh sé sinn-ne 'nuair thiocfadh ár lá orainn —
Déin gach nidh agus toill na grásta. —
Thóg sé Calvin gan aon bharántas
Thóg sé Oisín an File álainn,
Thóg sé Fionn d'a bhun gan fláramh (?)
Agus is é thóg Osgar an gaisgidheach láidir.
[bualadh bas]
Thóg sé Hercules, a threibh 's a ghárda,
Thóg sé Hector agus righ na Spáinne.
Thóg sé Luther gur baisteadh air Mhártan,
'S é iompoigh na trúpa o theampoll Máire.
Do dhéin naomh Peadar ar an gh-carraig anáirde,
Tá sí 'na seasamh agús í lán de ghrásta;
Ní féidir í leagadh 's í an chrois a gárda;
Ní teampoll Gall í ná tigh pagánnach.
Ní'l sí fallsa 's é a ceann an Pápa —
Tugann sé loghadh do 'n "spáilpín" fánach.
Tánagh ann so a ndiugh ó "Malden"
Táim am' sheasamh gan aithis, gan náire
Ba croidhe liom an teagasg a chanas an dán doit,
Chum go ndeunfá aithrighe a mhic na n-árann.
Ná tabhair faillighe 'san chathaoimh álainn;
Biodh do chreideamh go deangbhalta;
Leasaigh do bheatha, a rómhánaigh;
Ná biodh do chroidhe ar baois a bhráthair,
Agus do gheabhair an ríoghacht go prínsiobhálta —
Go dtugaidh Dia sin dúinn.
Críoch.
GRÁDH MO CHROÍDHE
Leis an nGabhardonn,
Feicim grádh mo chroídhe ag teacht —
Maidin gheal gan ghruaim,
Solus órdha ar a dreach —
'S í amháin mo rún!
Thugas grádh dí fad, fad ó —
'S í mo ghrádh a ndiú !
Béidh mé buan di fad táim beo,
'S í mo mhúirnín ciúin!
Feicim grádh mo chléibh ag teacht.
Feuch! nach deas a cruth!
Ní 'l aon bhean ann leath chomh deas,
'S í mo stór, mo rún!
Chuir sí athas mór im' chroídhe
'S í mo bheatha fíor
A! ní thréigfead í a choídhch
'S i mo ghrádh geal gnaoi!
