142
AN GAODHAL.
CUAIRT AN TSÁIR Go SASANAIGH
le A. Mulalla.
Do cheud míle fáilte, a Csáir,
Impire 'n dá Ruisia,
Bheir do chuairt onóir do mo thír
'Gus sólás mór dom-sa.
Is tú máighistir na milliún díleas
'Gus Caiptín na sluagh treun
A tá misneamhuil a g-catha
Chum go d-tiucfadh ort 'n seun.
Is maith 'n t-am a d-tainic tú,
Tá 'n Turcach as a chéill
Ag casgairt Críostuíghe bochta
A tá le fada faoi n-a riaghail.
Tá sé magadh ar na cúmhachtaighe
Do chuireas aige 'n sgríbhin dheirigh,
Ag fiafradh "cia sibh féin?
Creud eile tá sibh ag iarruigh?"
Le eagla 's brón tá mé lán
Go bh-fuil muid ciontach 'na pheacaidh,
Óir chothuidh muid é le cáirde
Go rabh sé damnaighthe le fiachtha.
Ann sin thréig sé sinn mar námhaid —
O! Righe-mhach na mallacht,
Agus níor fhág sé againn de shásadh
An oiread a's a bheannacht.
'Nois tá sé faoi do choimirc-se —
Tá cúmhacht i m-bárr do chlóidheamh;
Smachtaigh 'n fear míriaghalta
Dhóirteas fuil le áille —
Díbir as an Eorpe é,
Tabhair ordughadh dhó gan filleadh,
'S dá m-báthfadh é i b-poll-ifrinn *
Is fada é d'a thuilleadh.
Do caithfidh mé admháil
Nach rabh muid leath-shách críonna,
An t-am a bhuailmuid d'athair-mór.
'Gus bhfad roimhe sin Caitirín;
Bhí siad ag teachd do'n Eoirpe
Ag Críostaighe lag le fóirint,
Ach bu mheasa linn clann na faidhe
'Siad a bhí cruinnúgh' dhúinn 'n gaimbín
Bhí congnamh láidir i n-aonfacht linn,
Luingeis choga 's gunnaidh móra,
Agus rinne muid de Ruisia
Cill 's príosún fairsing, fuar,
Acht tá sibh 'nois i ngar do'n áit
Air bh-fuil le fada ar súil.
'Gus ní'l muid ábulta bhur stopadh,
Go cinnte sin mo bharamhuil.
San am sin mhúin na páipéir dhúinn
Teasdais bhreugach, fealltach,
Go rabh Ruisia lán d' fhir borb
Do bhí láidir, dána santach;
Go rabh siad faoi fhionnadh garbh,
Mar bheithidh alta ciochrach fiadháin,
'Gus dá leigfigh iad amach go bráth
Go m-beidheadh deire leis an t-síothchán.
Anois tá na daoine 'g éirighe eolgach,
'Gus tá sios acu níos feárr —
Go bh-fuil síbhialtas ag Ruisia,
Agus creideamh ag an Csár.
Gaol fola agus cleamhnais,
Tá muid leath fuilte fuaidhte arís,
'S ní rachum go deo ag imreas
I gcall tír an righ bheidheadh buailte.
Le do linn 's faoi do riaghail
Glacfaidh págáin 'n soisgeul naomhta
Beidh Críostaighe lán de ghrádh
Mar tá sé 'san m-Biobla sgríobhtha,
An áit gach uile ghunna mór
Béidh cliath-fhuirte 's ceuchta,
'Gus beidh siothchán an éinfeacht,
Go h-eug 'se úr-righeacht.
* Hellespont.
BEANNACHT an FHEASGAIR
Ó 'n nGearmánais,
Leis an nGabhardonn.
Beannacht leat! Ó! beannacht leat!
Tigidh na reulta as go deas,
Gach n-aon díobh a n-diaigh a chéile;
'S téidhid ar seachrán tréas na speur¬
[taibh,
Ar feadh na h-oídhcheadh ciúine
Beannacht leat! Ó! beannacht leat!
Feuch an rae, nach deas a dreach!
Téidh sí ar a slighe go tosdach
Ins na speurthaibh úd ag lonnradh,
Ar feadh na h-oídhcheadh ciúine.
