AN GAODHAL
143
HÓILIÓC, MASS OCHT MHÍ 13 — 96
A Chara Dhílis :
Tá mé ag cur abhrán chugat a scríobh má síos ó fhear ins an g-cathair so.
Deir sé gur b' é Risteard Buidhréad do chumaidh é (an file do chumaidh Eoghan
Cóir). Bhí mé a caint le sean bhean seachthmhain ó shoin a dubhairt go raibh aithne
aici ar Phaddi Major & ar a inghean, Cett Bhán, acht ní cuimhneach léithe an Buidh¬
réadach, & ní shaoileann sí gur b' é righne an t-abhrán seo, acht ar chaoi ar bith tá
sé os cionn leith-cheud bliadhain ó cuma é.
D' innís fear dam a tóigeadh ins an g-comharsanachd sin, gur fear
dár b'ainm dó Davitt a chuir le chéile an t-abhrán seo, acht níor thainic leis mór¬
án innsint dam faoi.
Tugadh Paddi Major mar leasainm ar Phádhruic O' Mláibhill, mar gheall
air é bheith mór le Major Bingham Bhí sé 'na chomhnuidhe i b-paráiste na Cille
Móire i gCondae Mhuighe Eó. Bhí sé go h-an mhaith do na boicht & ní raibh aon
fhear siubhail in Éirinn nach raibh fhios aige cé raibh teach Phaddi Major. Tá sé
ráidhteadh nach rabh sí i g-Cúige Chonnachta le na linn aon bhean budh bhreághachda
ná Cett Bhán, ⁊ bhí cion & meas ag lag agus láidir faoi na comhair mar bhí sí
caoidheamhuil, fial. Níor athruigh mé aon fhocal ins an abhrán seo, thug mé síos
mar fuair mé é. Ní 'l fhios agam ar cuireadh ariamh i g-clódh é
Tá súil agam go bh-fuil tú féin & do chúram i sláinte.
Ó do charaid,
Seághan Philips.
PADDY MAJOR.
Tá prionnsa maith againn mar charaid 'san áit seo,
'S é is ainm d'ár n-árd fhlaith Mr. Lavelle,
'S a mháighisdreas mháiseach go deimhin ní aimhreidhim.
Do shíolruigh ó 'n nádúir go cuibhiosach fial;
Mac Mhuire go g-cuidigh le lánamhuin na páirte,
'S mo bheannacht ga bráth go raibh ag a gcloinn,
Tá cómharsan' go fairsing le sínteachas láimhe
'Gus a máighisdir ní fhacas ó aimsir chQueen Ann.
Tá easbuig 'gus iarlaigh go síorruidhe d'a bh-fiafruigh,
Bheidheas ag iarruigh ar Dhia iad seo 'leigeann slán,
Na peacaidh a sheachaint 's an mhaitheas a dheunadh.
'Gus cuimhniugh' ar a aon-mhac a ceusadh ar a' gcrann;
A righ ghil na cruinne nach claoidhte, bocht an cás é.
'Gus liachtuidhe fear fánach a teacht chum a thighe,
Cailleacha, baintreacha, seandaoine 's páisdidhe,
A triall chum an Mháis 's fáilte 'san oidhche;
'S é do chualaidh mé gh'a rádh go síorruidhe ag mnáibh,
Gur fad ó bheith a g-cnámha go domhain ins an gcill,
Acht is beag é an teach sheo Phátruic Ui Mhláibhill —
Flaitheas na ngrása go bh-fágh sé d'a chionn;
Tá na muilte a meilt ann le tuilleadh 's ráithe,
Na boilers gach lá ann go síorruidhe bruith bídh,
Caitilín Ní Gháuchain d'a chuir ar na plátaidh
Stirabout láidir no go bhfágfadh siad fuigheall.
Tá na párlúis ag Paddi breágh, fada, geal, glégeal,
Biadh 's deoch ag fearaibh Éireann 's biotaile gh'a roinn
Chualaidh
mise gur b'é
"Doimnic Beag"
Mac Oscair a
rinnidh an
t-abhrán seo.
D. Ó M.
Vide Supra
Vol. IX., No.
12.
