144
AN GAODHAL
Tá Mháighisdir John a seinim go binn ar na teudaibh,
Molaim go h-eug é 'gus na rabh sesean tinn;
An fear a shiubhal Albain, Sacsanaigh 's Éire,
'S é dubhairt Oighre Clane go d-tainic an rádh,
Gur ag Paddi Major bhi tobha an phlantation.
'S gur thug sé an smhae uatha abhus agus tháll.
5.
A mhister Déan na féile tá gift ag do chéile,
Na h-ughdair a léighe é do bhréagadar liom,
Trá thuirling an péarla faoi bhroinn na mná naomhtha,
D' fhosgail an spéir 's a shúile do 'n dall;
'S é chualaidh mé d'a innsint go síorruidhe ag mo mhuintir
Gur bh' uasal é an sinnsior d'ar díobh sí Cett Bhán,
Réir dhuthchais go cinnte budh féimeamhuil a h-inntinn,
Na boicht a chuimhniughadh ó d'fhág an cliabhán,
6.
Tigean dealra ó'n ngréin ann 's ó'n ngealaigh d'a réir sin
Agus soilsigheann na spéiridh os cionn Tóin a Mháis,
Le gradam do 'n óig-mhnaoi ó thainic sí inn éifeacht
'Gus 's iomadh sin créatúr do thug sé dhó a sháith;
Bhéarfadh sí cabhair do 'n domhan dá mheud é —
Le ocras ní léigfeadh sí aon neach chum bháis,
Eudach do 'n nochtuidhe a thiocfadh d'a éiliughadh,
Go g-cuidigh Mac Dé di sa gaolta ar an Áird.
7.
Admhuighim an méid seo gur breághacht í no Bhénus,
Is deas é a behabhior, a snuadh 'gus a cum,
Is gile faoi cheud í ná 'n sneachta ar na sléibhte,
'S ná h-ealaidhe Loch Éireann ag éirigh ar thuinn;
Léighfeadh, go deimhin, na cruaigh leabhra Gaodhilge,
Is cúmhra 'gus eadtrom a chasann sí an peann,
An chaimric a sprigail ar uimhirsigh Gaedhilge,
'Gus an leitir a léigheadh análl as an bh-Frainc.
8.
Casadh orm bacach anuas ó bhun Néphin
A shean-bhean 'n a dhiaigh 's budh léithe bhí 'n ridh
Cur eolais an bhealaigh go teach Phaddi Major,
Dá m-beidhdís aréir ann ní chodlóchadh amuigh;
Tráth thug mé di meisneach do righne sí gáire,
Chaith di na málaidhe no gur dhaimhsigh sí jig
'S é dubhairt Marcus le Máire tá macnas ar Mháire,
Béidh muid ann san oidhche 'márach 's beóigh ar do chois
9.
Ní fheudaim a sheasamh, arsa Marcus le Máire,
Le pianta in mo chnámha 's m' ioscaididhe lag,
Le bh-fuair mé de 'n casgair amuigh ins an ngarrdha,
Tá m' asnacha grándha gan teagar gan teas;
Dá m-beith fios ag Paddi go m-beidhtheá cho fágtha,
Chuirfeadh ó 'n Máis chugat gearán 's cairt,
Cóta de 'n fhasun a d' fholóchadh go sálaigh
'S directions ó 'n Dálach a g-Cathair na Mart.
