(25)
12Mhadh Rol. Uimh. 1.
FABHRA,
1897.
CUMANN NA GAODHAILGE,
EABHROCH NUADH,
Féis Ceoil agus Léighin, Abhrán agus
Dán.
Bhí cruinniughadh mór ban ⁊ fear ag
Cumann Ghrádha na Celtigh in Eabhroch
Nuadh, ag ceileabhradh a bhféis ceoil
bliadhnamhla, ar an cúigeadh lá deug de
Ghionbhar — an cruinniughadh ba mhó agus
ba mheasamhala do choncamar le suim
aimsire. Ní rabh áit suidhte ag mórán
os cionn leath na ndaoineadh bhí láthair,
agus ba mhór an truaighe é mar bhí an
siamsa ar fheabhas ó bhun go bárr, acht
níor mhothuigh na cuirmeacha aon dócúl,
óir do bhí gach duine láthair sásta leis
an gcruinnighadh mór do chonnairc sé os
chómhair ag onóra teangan a thíre. Ba
bhreágh, leathan an smigeadh thigfidhe fheic-
sint ar éadan an fhorsuidhtheoir, an
Saoi Seághan O'Cathasa, ⁊ an Shaoi on-
órach, Donchadh O'Bruinn [an Ball ó Shlig
e] noch do bhí freasdal ⁊ ag fríothólamh
ar a g-coisridhibh. Bhí baill eile de'n g-
Cuman a rabh smigeadh leathan ar a
n-gnúisibh, freisin, mar gheall ar mheud-
achd an g-cruinniughadh, eadhon, na Saoi-
the Caiptín de Norradh, J. B. O'Mainnín
J. Croimín, P. O'Gríomhtha, ⁊ na nÓighthe
Caitilín ní Ainmnigh, Siubhán ní Eamaigh
⁊c.
Séo é Clár-innse an tSiamsa. —
An Cheud Roinn.
Tionsgna, Fonn-Gaodhlach Measgadh,
An Saoi O'Mannacháin.
