AN GAODHAL
1
The following song, Derry Brien, appeared in Vol
6 of THE GAEL, but we re-publish it in compliment
to Mrs. Cloonan, who was not then a subscriber.
Vide Supra
Vol VI.
page 732.
DOIRE UI BHRIAIN.
Shiúbhal mise Tuath-Mhamhan a's bailte móra,
Sléibhte ceodhmhar agus gleannta fraoigh,
O Chorcaigh na g-cuan go Beul-átha-na-sluagh,
Agus chugad anuas go Gaillimh arís;
Chaitheas trí ráithe ar bord i g-Ceann-sáile,
Ag síor ól na g-cárt gus ag seinm ar mo phíop,
A's samhail mo ghrádh geal ní fhacas 'san méid sin
O d'fhág mé na sléibhte úd Dhoire Ui Bhriain.
Is adhra ! Úna, gluais thusa liomsa
A's fág MacChún ar a chúl 'san bh-fásaigh
Is ní baoghal duit cumhano galra dubhach,
Oir teannfaidh mé go dlút thú le mo chroidhe;
Is go rachfainn ar mo ghlúinibh dhuit le umhlacht
A's ceol gan chúntas do sheinfinn ar mo phíop,
Ach ag dul dam anonn go Caisiol Mhumhan.
Slán Dé le cumha leat, a Dhoire Ui Bhriain !
Ní'l ór buidhe nó pláta nó rud ar bith d'a áille
Ó Thobradh-árainn go Baile-loch-riach,
Nach d-tabharfainn dom' ghrádh ar aon phóigín amháin,
A léigheasfadh 'n arraing tá treasna mo lár;
Nach buartha bocht atá mé, i ngalra báis leat
A phlúr na mban mánla, is leat chaill mé mo chiall;
Ar maidin Lá'l Pádhruic sgaras lém' ghrádh geal
Och! mo chúig cheud slán leat a Dhoire Ui Bhriain.
Úna,
Mo chreach is mo crádh nár Thóigeas cómhairle
Sul do chuaidh mé am' chómhnuidh go Doire Ui Bhriain,
I mbotháinín gan foghna tá bagairt orm i gcomhuigh
Gan rud ar bith beo dhe ach an prop atá faoi;
Chleacht mise lóisdín de theach dhath'mhail dhóth'mhail
Nach leigfeadh aon deor de'n fhearthainn úd thríd;
Airgead 'san gcómhra, cruithnoacht agus órna
Agus maoin le tabhairt do'n mharga le díol.
Sémus.
Is doiligh dhuit-se 'cháine tá'n chnó 'gus an t-áirne
A's iad ag fás ann ameasg na súgh craobh ;
Tá 'n eilit 'sa clann ag súgradh ins a ngleann ann
An broc agus an míol buidhe;
Tá bainbh ag an gcráin ann, tá searach ag an
[láir ann,
