2
AN GAODHAL
Agus leanbh ag an mnaoi;
Tá na bric ag éirige 'n áirde ann,
'San abhain ag dul le fánadh,
'S nach mór an tuar sláinte bheith i nDoir UiBhriain
Úna.
Nach aoibhinn 's nach aerach mholas tú na sléibhte
'Sgan nidh ar bith 'san réim sin ach talta fraoigh.
Ní bíonn anairt no bréid ar mhargadh no ar aonach
A Chleachtamar féin againn síos ins an tír;
Dá mbeodh agaibhse chaoraigh 's iad bheith gan eugadh,
Bheodh 'n sionnach 'sa leithe d'a scapa ar gach taobh,
'Sgur duine bheodh gan chéill a thógfadh dhó féin,
Bheith casgartha 'sna sléibhte úd Dhoir' Ui Bhriain
Sémus.
Is aoibhinn an nidh do bheith mí na Bealtaine
I ngleantaibh áluinn seo Dhoire Ui Bhriain —
Bíonn feur fada 's fásach 's ceann'mháin bhána ann
'S bionn luachra níos feárr ná in áit eile sa tír,
Ó thiocfas ráithe 'n t-samhra bíonn rinc 's báire ann
'San fear bheodh fághail bháis d'éireoch sé ina shuidhe.
Fan thusa i m' fharra 's tabharfa mé 'm láimh dhuit
Aon phighinn amháin cís ní íocfadh tú go bráth.
Úna.
An tráth sheasaim amuigh ar bhárr an t-sléibhe
Cuirim osna 's ceud amach dem' chroidhe,
A's le cumha in a dhiaigh sin d'fhás neascóid chléibhe
Os cionn mo chroidhe séibh atá 'nois 'g a chlaoidh';
Agraim-se féin Críost, mac an Dé dhileas
Nár fhágaidh mé 'n saoghal a's nár eugaidh mé choidh'
Go mbéidh teach agam féin arís go seunmhar
Ar chnocáinín aerach éigin shíos ins an tír.
Sémus
Chaith mé trí ráithe ar Chlochán-an-ráithín,
Ag an Áithín taobh amiugh de Chill-chríost;
An tráth phós mise Úna, thiteas i g-clampar,
Chaith mé ráithe 'n t-samhraigh suaidhte 'san dligheamh
Nuair nach ar foghnadh atá sé dul dhamh-sa,
Seachfad mo ghabhaltas a's íocfad mo chíos,
Is rachfaidh mé arís go tír úd na h-óige
Ameasg mo shean chomharsan i nDoire Ui Bhriain.
Úna.
A Shéamuis ó na páirte, fan féin go lá liom,
A's tarruigh liom a feuchaint Antoine, a chroidhe;
Aithris dhó go páirteamhuil go bh-fuil tú gan árus,
Teacht oidhche Bhealtaine gan áit ar bith san tsaoghal
Má tá in sin an t-ágh orrainn, tá'n fear an ghrás¬
[amhuil
Tabharfaidh sé dhúinn árus shíos ins an tír,
'S gur míle feárr a gheabhthas tú do shláinte ann
Ná bheith cascartha 'sna sléibhtibh sin Dhoir' Ui Bhriain.
