AN GAOOAL.
3
The following song was composed by the celebrated Poet Richard
Barrett over 100 years ago, in praise of a lady named Rose Gambell
who lived in a place called Tón na Tholtuigh, about a mile south-west of
Teach mhic Mathion Érris.
DILLON J McCORMICK,
aríst i
Abhráin an Iarthair.
t-séimh.
h-
RÓISE GHEAL TÉIBH, INGHEAN THANRAOI.
I.
Guidhim féin ó chroidhe air maidin 'gus ins a n-oidhch'
An t-Athair agus Righ na ngrása,
Ghrádhuigh mar an laoigh, cheannuigh muid go daor,
Agus a d'fhulaing dúinn ar chrann na páise;
'Mhuire mhór agus Bhrighid na n-aingeal agus na naomh,
Thóig seilbh ar an Righeachta naomhtha,
Le críonnacht ban an t-saoghail í ligean in a suidh',
Agus le biseach thabairt dhí air a sláinte.
II.
Thug mé grádh d'a beul, budh binne ná guth teud —
Ghuidh mé Muire, agus í bpian an uair sin —
An dára gradh d'a taoibh — budh ghile ná clúmhach eun
Agus ná bhfacaidh mé go 'n aol bhuailte:
An tríomhadh grádh thug mé — ní'l ó fhlaitheas Dé,
Mar bhí ag an sgeul úd, dar liomsa —
Mar bhfághainn faill oidhche nó lae cead síneadh le n-a taobh
Mo Róise Gheal téibh, inghean Thanraoi.
III.
Leabaidh imirt agus ól, aiteas agus spóirt,
Ní'l againn acht brón agus eugcaoin,
Acht fanaighidh go fóill — páirt tursa 's deunadh bróin,
A chuisle agus a stór, leis an aithrighe dheunadh;
Tá na boicht a dul rómhat faoi thursa 'gus faoi bhrón
Sileadh na n-deor agus ag geur ghol, —
Acht bh-fuil go airgead & go ór fé'n domhan & san Euróip,
Bheurfainn as biseach ar a sláinte.
IV.
Ní 'l siolladh as beul, nó seinim ar theud,
Ní 'l cruinniughadh ann, aer nó damhsa;
Tá na cailínidhe gan gleus a leig ag gol 'sa g-eug
Go athtorsa n-diaigh a g-ceannfuirt;
Gach buachaill láimhe treun chathadh a chloch agus a léim,
Tá na seandaoine lán de scannradh,
'S gan an rúd a lig go léir, ach mar gheall ar an méin,
Bhí ag Róisa Gheal téibh, inghean Thanraoi.
V.
Tá dúbhchan ar an spéir, ar an n-gealaigh 's ar an gréin,
Is tá 'n fhairge go léir ag gárthaoil —
Ní 'l seamuid ar bith féir, fás aníos as cré,
S' tá cúrsa 'n t-saoighil ar ti bheith athruighthe;
Tá eunlaigh 'n aeir tuitim, agus gabhail a n-eug,
'S gan focal as a m-beul ach amhgur,
'S o cruthuigheamh Ádhamh & Eubha ba léithe 'n cliú & 'n smhadh
Mo Róise Gheal téibh, inghean Thanraoi.
