AN GAODHAL.
5
Dá mbiodh fios ag na buachaillibh atá ngleann Néfinn
Go bhfuil mise féin lag, buadhartha, tinn,
Thiucfadh scata aca chugam-sa a lig i n-aoinfeacht
Le eachraighe glégeal a's cóistidhe cinn;
Ghleusfaidís ban-fhéis dham, fleadh 'gus féasda,
'Sin d'a bhfeudfaidhe 'gus toghadh ceoil,
Bheidheadh dhá cheud fear ar meisge i n-aoinfeachd,
A d-tigh Tom Déligh, a g-Cúl-na-Binn'.
Tá leitir sgríobhthadh agam anois faoi shéaladh
Agus cuirfead gan mhoill í go Cúl-na Beinn',
Go bhfuil mé am' luidheamh le tuilleadh a's ráithe,
Go brónach, cráidhte le tinneas cinn;
'Gus mur bhfuigheadh mé fóirighint ó Righ na glóire,
'Sa bheith am' shláinte arís mar is chóir;
Gleustar túmba 'gus cónradh * cláir dam,
'Gus cuirtear amárach mé ag bun Shléibh' Mhóir.
Bhí mise in Acuil a's níor mhian liom fhágbháil,
Mar budh mhaith an áit é do sheachránaidhe,
Bhí biadh agus leabadh ann 'gus, míle fáilte,
'Gus comhrádh sáimh 'nn le teachd na h-oidh',
Acht ar nós an bhriodáin, a thigeas le nádúr,
Agus a chaicheas a thráth ameasg na d-tonn,
'Sé earradh agam-sa é dá mbeidhinn a b-párlús,
Gur fearr liom árus i gCúl-na-Binn'.
An choill úd tháll atá ar thaobh ghleann Néfinn.
Inn a bhfuil duilleabhar féidiol glas ag sileadh síos
Tá 'n chuach san troghanach ag tnúth le chéile ann,
Ag seinim cheoil bhinn de ló a's do oidh';
Tá deunadh mónadh ar bhárr an t-sléibh' ann
Ag deunadh éirligh ar chearcaibh fraoigh,
'Gus an briodán broin-geal ag teacht ó 'n tsáile 'nn,
Ag fearaibh Éireann le fághail gan pighinn,
Tá an loch is deise ann d'a bhfhuil in Éirinn.
'Gus na h-ealaidhe a snámh uirri ó thonn go tonn,
Ca bhfuil fear a chleachtuigh é 's tá 'nois d'a thréigsinn
Nach beag an t-iongnadh d'a chroidhe bheith tinn;
Acht má sé seo 'n cúrsa do gheall Dia dhamh-sa
Le méid mo chumha gur liathadh mo cheann.
A Bhoth-an-dúin, mo chúig-cheud slán duit,
Agus do shléibhte áilne iúd Chúl-na-binn.
[* We print cónradh here, it being the vernacular
for the word coffin, and because, too, we think it the pro¬
per way. If not, why is coffinmaker spelled cónradóir?
There are hundreds of Irish words in common use among
the people which were not known to our Irish lexicog¬
raphers. — Ed]
le fíon 's le ól
braocha broinn gheal
