10
AN GAODHAL.
d'innis an sgeul so shíos, mar leanas :
ar sé, —
Bhí fear ina chómhnuigh le h-aice na h-
áite ann ar thógadh mé darab ainm dhó
Labhrás Piocót, & do théitheach rith an t-
samhra ar fuaid na tíre a d'iarradh
déirce, & d' fhilleach ar ais ar theacht
an gheimhrigh go dti a bhothán fhéin.
Do thárla dhó, an aon do bhliadhan¬
ta fairsinge, sul do dhubhuidh na potáit¬
e, gur rith leis go h-ánmhaith mar do bhí
an oirid olla aige do bhárr a shaothair
a's do righne casóg mhór dó; ach, for¬
aoir! bhí 'n mí-ádh fós air, mar chaill
sé a chasóg nuadh ar an m-bóthar, aig
teacht abhaile dhó, lá maraga, as thruic¬
ilin an asail. Ar an Sathuirnn chuige,
do chuaidh go dti tigh na scoile, & d'iarr
ar an máighistir dá mbudh é a thoil é,
nóta a scríobh do, i gcor go dtabhair¬
feadh sé do'n t-sagart é, chum go gcuir¬
éalfaidh ó'n altóir gur chaill sé a chas¬
óg. Bhí fear greannamhar, sulthmhar,
deas chainteach ó'n tuaith, i láthair air
an uair sin, & áithne mhaith aige nár thig
Labhrás aon fhocal Beurla. Leis sin,
dubhairt, —
Tell him to come at noon when you
dismiss the scholars, and you will
write for him.
Leis sin dubhairt an máighistir, tar
tar eis eadrarthráth an uair a sgaoil¬
fead abhaile na scoláiridh, béidh cai ag¬
am é scríobh duit. Seadh, ars an tuait¬
each, nuair a bhí Labhrás imighthe, tóg do
pheann, dubh, & páipeur, & scríobh an nó¬
ta mar so [ Feuch shíos an nóta, ce go
ndubhairt sé fa dhó é, ni gádh dhomh-sa é
scríobh ach aon uair amháin ].
Tar éis eadarthráth, nuair thainic
Labhrás, thug an maighistir scoile an nó¬
ta dhó, ag rádh, tabhair é seo do an t-
sagart amarach nuair a bhéidh sé ag ta¬
bhairt a fhorógradh do'n phubal. Thugas
cúntas cruinn do connas do chaillis do
chóta mór, & cuireas m'impidh air foc¬
al fóghanta ag rádh duit, oir budh fhear
bocht, dithchiollach, macánta thú, le súil
go bh-fuair duine eigin do'n b-pubhal do
chasóg, 's go bh-fuighfeá ar ais é. Mhais¬
eadh mo ghrádh thú, arsa Labhrás, & fad
saoghail & sláinte chughat; go mbuanaidh
Dia thú, & go ndeunadh sé fear mór,
maith dhíot.
Air maidin Diadomhnaigh nuair a bhí
an t-aifrionn nach beag ráidhte ag an
sagart, dubhairt sé leis an b-pubal ma
bhí aon nidh acu le cuiréal é thabhairt do
anois. Ag sin do shín Labhrás a nóta
chuige & tar éis an sagart é léigheadh os
íseal dó fhéin ar d-tús, d'iarr ar Labh¬
ras, "An léighfead do'n b-pubal é?"
Deun, má sé do thoil é, arsa Labhrás.
Le guth ard do léigh an sagart an
NÓTA.
"Seo d'e Labhras Piocót, a chaill a bhrat-
óg a bhí go h-an-mhaith, d'olan mhín, chaor¬
ach, a n-deas ó Bhéara, no ó Loch Gar¬
man, tré Carraigh a n-Duaidh do fuair
a dhuadh dha thabhairt abhaile leis, & do
chuaig ar an 'marach go duithche Phadrac,
ag d'iarradh smearra dhó. Aige tigh
Sheadhain Láidir, ag bun an tabhairne,
seadh fuair sé na arraidhe dho, 's aige
tigh Sheadhain Bhuidhe fuair cardaigh chum
a stroicidhthe; sé Conchubhar Deiseach,
an figheadóir géagach thug an barr dho,
's aige muilionn na n-adharc a bhí sé da
líobadh o Luan go Sathurn. A phubail, i
bh-facabhar é?"
Fiafaraig do'n diabhal é, Áthair, arsa
Labhras, mar shaoil sé gurab é an sag¬
art a chum na focail le fonn magadh
dheunadh de. Do chara,
Padruig McCeanoidhre.
IGNORANCE.
The greatest bane to the assertion of Irishism
is, the ignorance of the majority of Irishmen of
the history of their country. In conversation
with a well-to-do Irishman a short time since —
the owner of considerable real-estate property —
whose son is a doctor — we incidentally remark¬
ed — the conversation having turned on the Gaelic
Movement and “Scotch-Irish” incidents — that
there were thousands of Irishmen ignorant
of the fact that Ireland was called Scotia up to
the 12th century (Spalding's Eng. Lit., Appleton
N.Y.), when the name was transferred to the pre¬
sent Scotland, the latter having been called Sco¬
tia Minor since its subjugation by the (Irish)
Scots (Cornwell, London & Glasgow, His. Geo.,
37th Edition) in the early part of the 6th centu¬
ry. “Well,” said he, “I never knew that before"!
