(26)
12Mhadh Rol. Uimh. 2.
AIBREÁN,
1897.
CEILEABHRADH CUIMHNE SHEÁGHAIN
Mhic Éil le Cumann Cheiltigh Bhrooclín,
Labhair Foilsightheoir an Ghaodhail. i
measg abairt eile, mar seo —
"A Cháirde, — Támar cruinnighthe in
seo anocht chum ainm ⁊ cáil Sheághain
mhic h-Éil. Árdeasbog Thúma, an fíor
threudaidhe— "Leomhan an Tréid," do
mhórughadh ⁊ d'onóradh.
An tráth i rugadh Seághan mac hÉil
i d-Tobar na bhFian, i gCondae Mhaigh-
eo, ceud ⁊ ocht mbliadhana ó shoin, budh
mhór, budh throm, ⁊ budh leathtromach an
t-ualach anachair ⁊ léin do chroch go dubh
dorcha os cionn ar n-aithreachaibh gan
aon stríoc amháin d' fháinniughadh 'n lae
ag briseadh thré na neulta dubha sin.
Bhí Éire buadharthadh, cráidhte faoi
chuing mhallaighthe na nGall, ach do dheon-
aidh Dia in A Mhórachd nach mbeidheadh
sí go síorruidhe mar sin, ⁊ do ceap Sé
a sheirbhíseach úmhal, Seágan mac h-Éil,
leis an ualach dorcha sin a spíonad, a
scapthadh ⁊ a ruagadh [bualadh bos].
Agus gidh go mbudh mhór, drugallach an
saothar bhi curtha roimhe mar gheall ar
an námhaid a bhí i mbrollach a thíre ins
an am sin, mar atá, faraor, indiu,
níor theip sé os a choinne, ach chuaidh air
aghaidh gan sgígh gan stad ag loscadh pi-
léar a dhaitheasc i bhus a's tháll no gur
roill sé an dorchadas, ⁊ gur toisigh
dealradh na saoirse ag briseadh thré na
tollaibh [mór bhuala bos].
'Sí teanga na tíre bun ⁊ piléar na
Saoirse. Bhi a fhios seo ag Árdeasbog
Mac Éil, ⁊ sin é 'n fáth ar oibrigh sé
