cho dithchiollach i saothar a cosanta; bhí
an fios ceudna ag na Gallaibh & sin é
'n fáth ar chrosadar fomailt na tean¬
gan in Éirinn. Agus sé 'n fáth ceudna
a bhrosduigheas leas-Éireannaigh indiu
chum gach nidh in a g-cumas do dheunadh
anaghaidh na teangan — anaghaidh a labh¬
artha 'n Éirinn. Cáide 's d'fheudadar
i chur in iúil do dhaoinibh neimheolach na
h-Éireann go mbudh teanga shuarach, ís¬
iol an Ghaedhilig & nár labhair ach daoin¬
e suarach, ísiol í, b' urras díobh a leon¬
adh. Acht, anois, go bh-fuil sí d'a fogh¬
luim le uaislibh na cruinne, ní eugfaidh
sí nó go seasfaidh 'n t-Aingeal ar an g-
cnoc os cionn Gleann mór Iosaphait
séideadh a stoic ag fuagradh deireadh
an t-saoghail & ag glaodhach an chineadh
daonda chum bhreitheamhnais [an ghártha
mór ⁊ buala bos ].
daitheasc, eloquence.
roill, perforate,
fomailt, use.
GOILLÍS NA g-COS DUBH.
(Leanta)
"B' fhéidir go bh-fuil dúil aige a bheith
dearcadh uirri," ar guth eile.
"Agus dá mbeidheadh fhios ag an am¬
adán go rabh luibh a fás suas le n-a
dhorus féin, agus a bhruith 's a thabhairt
dhí, 's bheidheadh sí slán," ar guth eile.
"'S fíor dhuit sin."
"Is amadán é."
"Ná bodharuigh do cheann leis, béidh¬
míd ag imtheacht."
"Fágfamuid an bodach mar tá sé."
Agus leis sin d'éirigh siad suas ins
an aer, & amach leo in aon ruaille-buail¬
le amháin mar do thainic siad, & d'fhág
siad Goillís bocht ina sheasamh mar
fuair siad é, & a dhá shúil dul amach as
a cheann ag dearcadh ina ndiaigh, & ag
deunadh iongantais.
Níor bh'fhada sheas sé gur fhill sé ar
ais & é ag smuineadh ina cheann féin ar
an meud do chonairc sé & a chualaidh sé
& ag cuimhniughadh leis féin an rabh luibh
dáríribh ag a dhoras féin do bhéarfadh
ar a's a caint d'inghin an Righ. "Ní féi¬
dir," ar sé leis féin, "go n-innseochadh
siad dam é dá mbeidheadh aon éifeachd
ann, ach b'fhéidir nár thug an tsidheog
aire dhó féin nuair leig sé an focal
do sgiorradh amach as a bheul. Cuar¬
tóchaidh mé go maith cho luath a's éireoch¬
as an ghrian má tá aon phlannda acht
fothanáin & cupóga ag fás le h-ais an
tighe."
Chuaidh sé a bhaile, & cho tuirseach a's
bhí sé níor chodail sé neul no gur éirigh
an ghrian an lá ar n-a márach, & d'éirigh
sesean, & budh h-é an cheud rud do
rinne sé do dhul amach & cuartughadh go
maith thríd an bhfeur thart timchioll an
tighe, ag feuchaint an dtiucfadh leis aon
luibh nár aithne sé fhághail; & go deimhin
ní rabh sé i bhfad ag cuartughadh nuair
thug sé luibh mhór aisteach faoi ndeara,
do bhí fás suas go díreach le binn an
tighe.
Chuaidh sé anonn chuige, & bhreathnuigh
sé go geur air, & chonnairc sé go rabh
seacht g-craobha beaga ag teacht amach
as an ngas, & go rabh seacht nduilleoga
ag fás as gach craoibhín aca, & go rabh
súgh bán ins na duilleogaibh.
"Is ró iongantach é," ar sesean, "nach
dtug mé an luibh seo faoi ndeara riamh
roimhe seo. Má tá míorbhuil i luibh ar
bith budh chóir dó bheith ins an luibh iong¬
antaigh so."
Tharraing sé 'n sgian amach & bhain
sé an plannda & d'iomchair sé as¬
teach inn a theach féin é, & bhain sé na
duilleoga dhe, & gheárr sé suas an gas,
& tháinig súth tiugh bán as, mar thagann
as an bhfóthanán-mín nuair bruighthear
[Le bheith leanta]
Rev. Fr. John J. Caroll, St Thos
Church, Chicago, preached, in Irish
as usual, on St Patrick's Day. The
sermon has been printed in pam¬
phlet form, with liberal translation
Now is the time for every Irish¬
man to help in the distribution of
Irish literature. — Distribute THE
GAEL, which costs but little.
