AN GAODHAL
15.
Príór go fada ar bhrón na d-tuismigh¬
theór, ar claonadh do dheágh-oibreachaibh,
ar phlúr na féile ag fás i g-croidhe an
mhic do cumhaigheadar, noch teagasg¬
tha go maith, do bhéarfadh níos maille
na tortha sgiamhacha de charthanachd.
'Néis so do chas an t uachdarán de'n
mhainistir dá cheall & do smuain sé ar
an mórdhálachd taisbeánta ar an t-adh¬
lacadh & beagan mar an g-ceudna ar an
oráid labhartha. "Go deimhin ní raibh sí
ro olc," ar sé, re taithneamh ceilte
"do shaor mé dhí, fós ba dheacair é re
ádhbhar chomh tearc,'
Achd ar mhothughadh an ceo so diomhaoi¬
nis ag éirigh, dheithfrigh sé dá chosg, ag os¬
nrighil go doimhin. Do mhuch liondubh do-
labhartha a chroidhe. Ceana, domhothuidh-
sé an dubhrón ceudna ar feadh na seir¬
bhise dhiagha, achd feuch tig sé d'a chrádh¬
adh arís. Go prap chrádhaidh smuainte
uathbhásacha a inntinn ar an chineamhuin
shíorruidhe do Luitpold. Ca h-áit ann
a bh-fuil an t anm so? d'iarr an Príór
i g-crádh. A Thighearna, glac truaighe
air! & cromtha faoi bhuille michiúinis
neimh-minighthe, do chuir é fein ar a ghlúi¬
nibh leis an phaidrín do rádh, ar mbéith
faoi dhearmad dó an suaimhneas d'fha¬
ghail dar easbhaigh sé comh mór, & thionsg¬
naidh sé an coróin-muire d'airiseadh.
Air an móimid so bualadh buille ar
an dorus; buille geur, garbh. Cia a d-
tig leis a bhéith bualadh ar an uair mhall
so?" ar sé. Is meadhon oidhche é. Is
fada é gur treóraigh me na manaigh d'a
g-ceallaibh. Achd nach bh-fuil sé 'na mhear¬
bhal, níor bhuail duine ar bith, oir budh
chóir dom "benidicamus domino'' eisde
achd, noch orduigheas ar riaghal, an uair
buailidh duine ar bith ar doras an Phrí¬
óir; & athghlac sé airise na coron-mui¬
re. Acht bhuaileadh buille 'n dara feachd.
d'éirigh suas an craibhtheach.
Sul ráinic sé dorus a chille, d'fhos¬
gail sé é féin: tháinic dhá phearsain is¬
teach. Go sostach, chuireadar iad fein,
[Le bheith leanta]
Send 60 cents for the Gael for one
year. — Do your part as an Irishman.
Mo Ghrádh Do Léim A Shean Bhéim
Chéachta, le Mac An Oidhre.
Nuair a bhidheas am gharsúinin beag
'san bhaile i d-tigh m'athar i n-Éirinn,
thainic fear bochd chugainn a bhí d'iarradh
déirceadh, & d'iarr sé féisteas oidhche
orrainn, & fuair é; bhí sé ar leath-shúil,
& d'iarr m'athair air (tréis a shuipéir
d'ithe), cad a bhris a shúil; is so mar
a dubhairt sé, —
"Nuair a bidheas am bhuachaill óg, do
bhios i ngrádh le Péig ni Chealladh, cailin
deas triopalach, inghean thionontaidh Tho¬
máis ui Chróinin a bhí ann a chomhnuidhe
le h-aiceadh Chílliath, & is minic do chuir¬
eas aisdear orm féin ag dul d'a feuch¬
aint; ce gur mionca nach teidhinn ach an
radharc a tighe bhíos fáiteach, mánta, 's
náireach a d-taoibh a bheith ag dul an cho
minich. An tráth ud ar na bh-fuilim ag
trácht bhidheas am fear oibre aige Uill¬
iam ua Néill, & an lá roimh sul do bhris¬
eas mo shúil, bhíomar ag cur an aithchre
léis na potáite, & bhí cuid de mo chomh-
sclábhaidhthe ag magadh 's ag gáire fúm
i d-taobh mo shimplidheacht o'm mhioncadh¬
acht do thráchtainn rir Phéig ni Chealladh.
Dubhairt fear diobh, 'Tá 'n rae lán a
nocht, 's muna rachair d'a feuchaint
caillfir a grádh'; ar-sa fear eile diobh,
'na theidhire a chladhaire no fuaideochaidh
an sluaigh sighe chum siubhail thú, mar is
sí oidhche 'n bháire chomórtáis a bhidheann
idir Sigheóga Lios na Móna & Lios na
Gréine; & sin é a g-cosán sighe, soir i¬
dir theorain an dá bhaile.' Tar éis scur
dúinn d'fhanas ar an g-cinnfhearan, mar
bhíos beartaidhthe ar dhul a cuairt go d¬
ti mo chailin an oidhche sin. Leis sin dubh¬
airt, 'fanfad-sa ann so no go bhfeic¬
fead na siabhraidhthe ag imtheacht thorm.
Chonnarc mé béirt do's na buachaillidhe
a righineacáil a n-diagh an chuid eile, &
a faire orm féin. Léimeas anairde ar
an g-cloidhe, i g-cóir iad do mhealladh,
mar léigeas orm go rabhas le fanamh¬
aint mar a dubhairt, 's do luigheas síos
ar an g-cloidhe 's thuiteas dom chodla;
nior bh-fios dom cáid bhíos am codhla
