AN GAODHAL.
17
The following from Mr. Joyce, a new contributor, is interesting.
A Shaoi Dhílis, — Timchioll chúig bhliadhana deud & trí fichead ó shoin, nuair
a bhí na pratastúin a deunadh an teampull Gallda i g-Cill-Runáin, Árainn Mhór
Condae na Gaillime, Éire, chuir árd-mhaor na dúithche fios ar Séamus Ó'Con¬
chabhair, file na h-áite, & dubhairt leis go d-tiubharfadh sé cnagaire talmhan dhó,
gan cíos, cá fhaid a's mhairfeadh sé, & an culaidh eudaigh i b'fhearr i nGaillimh ar
chuntar go ndeunfadh sé dán a moladh an chreidimh Pratastúin & cáineadh an
chreidimh Caitiliceach, & an dán a rádh i láthair an chruinniughadh anuair bheidheadh
an teampull d'a bheannughadh. Dubhairt Séamus go ndeunfadh sé sin. Nuair bhí
an teampull críochnuighthe & na Jumpers aluig cruinnighthe le é bheannughadh, (slán
an t-samhuil), d'éirigh an maor suas & thug sé seal cainte mhóir dóibh & dubhairt
gur shíl sé nach bh-facaidh sé aon trioblóid i ndaoinibh bochda na h-áite d'iampó ó
an droch chreideamh do bhí aca do'n g-creideamh pratastúin, & go rabh príomhfhear
na h-áite aca cheana sé sin an Fille Séamus O'Conchabhair, a bhí láthair, & tiúbh¬
arfadh dán diobh a moladh an chreidim pratastúin.
Do thosuigheadar aluigh ag buala bos & ag glaodhach ar Shéamus. D'éirigh
Séamus suas & thug dhóibh an cheud dhá fearsa da'n dán so a leanas. Nuair a
chualadar an dá fearsa rugadar air & chaitheadar amach é.
Steafán L. Seoigheach.
Vide
Nuaidheacht
Tuama
1890.
Chuir mé
iomlán an dáin seo
chuig "An Claidheamh
Soluis. Gionbhar 1913.
D. Ó M.
Ní shílim gur
cuireadh le clodhaibh
e.
Vide
Timiridhe an
croidhe naomhtha
Earrach 1913.
DÁN SHÉAMUIS Ui CHONCHABHAIR
Dá bh-fághainn-se féin culaidh eudaidh
A mbeidheadh ór air silt léithe
As uchd dán a dheunadh
A moladh an chreideadh Gall,
As ní gheobhfainn ó ma chlaonta
Sliochd Lútair mholadh ar aon nós
A d'iompuigh ar an láimh chlé
Agus do thréig mac na ngrás.
Nár bh-fánach an toradh domh-sa
Tráth m' anam bheith d'a sciúrsadh
Cnagaire de 'n dúithche shiúd
Air chúntar dá bh-fághainn
As ucht mo chreideamh a phlúchadh
Mar dheunfadh mada dúbhchais
Agus a bheith arís go cúmhamhar
Lá an chuntais a thabhairt ann.
A pheacaighidh na sílighidh
Gur siolrugh mar na daoineadh
Do rinne an leanbh Iosa
Fuair aoibhneas na n-grás,
Mar chaith an t-Athair naomhtha
De bhliadhantaibh cheithre mhíle
Le fiadhach glan a dheunadh
Le a choimhead trí ráithe.
Sí Muire an bhean nár smaoinigh
