(27)
12Mhadh Rol. Uimh. 2
3,
Ógmhíos
1897.
RAIDHTE NA bhFÁIDHE,
le A. Mullala.
Duairt an fáidh, — ''An t-am ann a
léimfidh nuadheacht thríd an aer mar
thinntreach, tiucfaidh athrughadh mór air
an t-saoghal."
Tá 'n t-am sin againn anois, 's ann
einfeacht leis an t-athrughadh teacht 'n-a
chos-an-áirde.
Ann san dómhadh a's treas aois déag
bhí Críosdoidhe na h-Eoirpe ⁊ a gcean-
furtaidhe troid ag iarruidh an Turcach
congbháil amach ar an Eoirp. Indiu, i
dheire 'n naomhadh aois deug, tá milliún
fear armáilte ag na cúmhachtaibh Críos-
damhuil a tá mar ghárda-cuirp ag an
Turcach drúiseamhuil ag iarruidh é chong-
bháil beo san Eoirp.
Deir Oididhe an áirdbheurla go bhfuil
muid a dul air aghaidh ó d'fhág sinn na
h-aoisaibh dorcha.
Chá bhfuil sinn anois? Acht tá an t-
athrugh' eile againn bu chóir do chuirfeadh
bród mhór air Ghaodhalaibh nár chaill a
g-cuimhne ag reatha n-diaigh saidhbhris ⁊
a léigheamh iomarca páipeur Béarla
Chídhmid Tóraigh Shasannaigh nár ghéill
ariamh do Dhia i ngnótha saoghalta, 'nois
ag guidhe 'sag agairt na g-cúmhacht lái-
dir. B'fhéidir gur chaill siad a ndóchus
⁊ muinín anns na gunnaidh móra. Fiche
bliadhain ó shoin, an t-am a rabh na Rus-
anaibh teacht trasna na mBalcanaibh
tabhairt tártháil air Chriosdaibh Roman-
ia ⁊ Bhulgaria do bhí mar tá na Grégi
