AN GAODHAL
25
The first meeting of the Oireachtas will be held
in Dublin on the 17th of next month (May) and
it is to assist in the making this initial effort a
success by contributing to its prize fund that the
Society has undertaken this entertainment.
In introducing the first speaker
of the evening the chairman said
that, as the first speaker, he would
introduce to them a gentleman
who could express his sentiments
not only in his native language but
also in the language of the oppress¬
or, in French and in Old and New
Latin — the Revd. Thos. J. Fitzger¬
ald, the Society’s chaplain (deafen¬
ing applause which lasted several
minutes). On order being restored
Father Fitzgerald spoke substan¬
tially as follows :—
Is mór an t-athas chuireann sé air mo
chroidhe an uair chighim bailiughadh mór
daoine annso anocht le fonn comhna
thabhairt do 'n mhuintir sa mbaile í 'n¬
Éirinn chum ár dteanga chuir air bun
arís (buala bas).
Tá Oireachtas no tionol le bheith i m-
B'lácliath i mí na Bealtaine, sé sin
cruinniughadh daoine, chum a gcomhairle
chuir a gceann a chéile chum an tslíghe is
feárr do thogha no dhéanadh amach chum
an teanga milis Gaodhailge d'fhoghluim
a's do muineadh dosna daoine óga ans
na sgoilana air fuaid na tíre & chum
í labhairt ameasg óg a's aosda. Bo
cheart dúinn taithidhe dhéanadh air í labh¬
airt air muir a's air tír, ann gach gnódh,
ag urnaighthe air maidin & 'san oidhche,
air ghort & air gharraídhe, le buachaill &
cailín aimsire, le ceannachóir & ceard¬
uighe, a dul dí'n aonach ag déanadh mar¬
ga, le uasal a's ísiol, le fear na ceir¬
de & le fear na h-ealaídhe (tá 'n ceart
agat agus buala bas).
Bo mór an truagh í dh'fhaghail bháis, an
teanga labhair gaisgig na Féinne, Oisín
& naomh Padruig, an teanga labhair
naomh Columcille & naomh Brighide &
naoimh na h-Éireann ag craobhsgaoile
aitheanta Dé dúinn. An teanga labh¬
rag & do sgriobhag ann gach mainistir
air fuaid na h-Éireann ó Liosmór go
Ardmacha & as sin siar dí Dun-na-
nGall, & ó dheas arís tre Chonnachta
di Corca a's Ciaruídhe. An teanga
labhair Brian na Boirbhe ag díbirt na
nDanair a gcait Cluain-Tarbh; an
teanga labhair Eoghan Ruadh O'Neill ag
cosgairt na Sagsanach, & an teanga
labhair Pádruig Sáirseul & na Géana
Fiadne (mór bhuala bas)
Air an amsa tá árdsgoláiridhe na
Garmainne & na Fraince & o thiortha
eile d'a foghluim le sáint & le mordhail
le tairbhe & le morthoradh d'a gcuid
léighin & iad eolgaiseach air í muineadh
dúinne. Nach é sin an náire dhúinn?
'Sé an náire dúinn go mbeidheadh náire
orruinn ar dteanga do labhairt, & 'sé
'n truagh sinn do bheith chomh lag-bhrígheach
a's go straoicfamis d' ár namhaid, an
Sagsanach & a leitheid do dhéanadh. Tá
morán de 'n gcionnta agus de 'n mhill¬
eán orruinn féin & ní'l dul uaig aguinn.
Is beag an mhaith an té shéunfach a
theanga féin. D'a réir sin, d'a bhrigh
sin,
Labhramíd le grádh dhí teanga na
nGaodhal,
'S le cion & le meas airthi, air feag
ar saoghail.
Agus an té cheilfeach ainim, go de an
mhaith é, & fós tá go leor daoine mar
sin ⁊
Is mór an náire gur nárach do bhíd,
Dtaobh Páid thabhairt ortha no Bríghid.
(Sgarta gáire & is fíor duit).
Ní gadh dúinn miotachas na faitchíos
bheith orruinn feasta (níos mó) dtaobh
an Ghaodhailge labhairt 's do mhúineadh
mar atá sí anois d'a múineadh & d'a
labhairt ann árdsgoilana na dúchthaí
thall 'sa bhus, & uaisle d'a foghluim. 'Sí
an teanga Ghaodhailge an comhartha is
feárr gur sinn síolradh Chlanna Gaodh¬
al. 'Sí an oighreacht tugadh dúinn í, bo
cheart dúinn í chosaint ó 'n mbás, í
shaoradh & do coiméad beo go deo a's
choidhche.
Dá gcaillfidhe an Ghaodhailge ní bheidh¬
eadh ansan aguinn acht teanga Ghalla
an tSagsanaig & b'fhéidir leis an
(Continued on page 33.)
