26
AN GAODHAL
SMUAINTE — Le Maitias Ua Guairiam, Deas Bhoston
Tá an Gréigeach 's an Turcach aig cogadh le chéile
Agus an té dheunamh siothchain na raibh sé le fághail,
Súil go bhfeicidhe ar gcaraid críche Sacsan faoi leun sgrios,
A cuid airm gan éifeacht lag, claoidhte ins an ár.
Ní ag impídhe na h-anachain ab'áil liom ar aon chor —
Molaim clann Éubha agus maithim do chach,
Acht an t-ainmhidh mualluighthe dheun geurleanmhuin in Éirinn,
Na h-abair Paidir nó Cré le n-anam go bráth.
Bhí an t-ainmhidh malluighthe geurleanmhuineach breugach,
Dhíbir sé cléir thar an iar mhuir mar sclábh,
Ruaig sé na sagairt amhuil faol chú an t sléibhe,
Agus toireiseadh n-a ndiaigh oir bhí duais ar gach ceann.
Chuir sé Árdeaspog Chaisil i gcarcair faoi ghabhann,
Sgóll siad feoil agus féithe 's a chroicionn ó 'n gcnáimh,
Bhí éiricigh Bhreatain ag búireadh 's a géimneadh
Agus Eaglais na h-Éireann g'a treasgairt gan cáin
Chaitheas seal fada de mo aimsir in Éirinn,
Agus a d-tús mo óg laetheadh do chonnairc mé ár,
Oir an té cidhfigh ar maidin agus spreacadh 'nn a gheuga,
Sul dul faoi na gréine bheidheadh sínte ar lár :
Ní rabh toradh nó sláinte air ar saothar in Éirinn,
Gidh bhí an ithir gan aon lochd thuit nimh ar a bárr —
Budh é aitios na Sacsan mór ainis na h-Éireann.
Agus h-adhlacadh ceudtha gan cónradh nó clár
Air feath mo mharthain, acht ní fada mo théarma,
Béidh cuimhne na mbliadhanta úd a g-comhnuidhe in mo cheann,
Anuair a bhí dí-beatha, dío-carad, dío-sláinte, dí-féile
Agus dícheannadh in Éirinn faoi riaghail chreideamh Gall,
Bhí duais agus balcaisighe agus earraidhe gan téagar
Aig athair na mbreug ag cur cathuighthe air chach
Súil go reicfid an t-anam do cheannuigh mac Dé dhoibh
An tráth d'fhulaing Sé ceusadh agus bás air an gcrann.
An t-am úd bhí ocras agus ainnis in Éirinn,
Agus inns na seacht righteachta ní rabh caraid le faghail,
Ba uamhásach anbhathach faitigheach an saoghal é,
Bhí 'n t-eug air feadh na h-Éireann gus daoine a leaghadh.
Bhí an bás ag cnagadh agus is gaisgigheach antreun é,
Le n-a gheugadh lom féithmhach agus sleagh ann a láimh,
Níor bhac sé le Breatain 's nár ghreannmhar an sgeul é,
Acht bhánaigh sé Éire agus budh é sin ann feall.
Meadhon an deich taréis dá fhichid, mid the forties sa mBéarla,
Mar tá lán daoineadh Gaodhalach na d-tuigeann mo dhán —
An tráth bhí 'n t-eug agus Sacsain ag freastal d'a chéile
Ag treasgairt na nGaoidhil bhochd gus d'a síneadh ar lár;
Má's fíor ráidhte na d-tarragar bhí againn in Éirinn,
Tuitfidh Breatain faoi leun-sgrios i g-coga d'a gheall,
Anois tá cuid ullphéisteadh cuir baca ar laochra na Gréige,
Acht má thagaidhn siad saor as béidh fios againn ar ball.
