AN GAODHAL.
29
COMHDHAIL OIDIDH SCOILE AG NA CEALLA-BEAGA.
An dara Sathurn de mhí an Fhoghmhair ag teach scoile an Néill Mhóir
Bhí coimhthional de mháighistiridh scoile ag obair ceart 'stóir
Chum a dteanga dhuthchais aithbheodhadh, an teanga Ghaedhilge bhinn —
Ó Chorcaigh go dti Doire, gus ó Shligeach go Dubhlinn.
Bhí aca 'san gcathaoir, an treun-fhear, Seághan Mac Mhrird,
A chuir fáilte roimh an gcóimhthionol a nGaedhilg mhilis árd,
'S d'innis dóibh an t-ádhbhar a rabh siad go h-uile cruinn —
Leis an teanga Ghaedhilge aithbheodhadh gach áit a mbéidh siad ann.
Gheall gach duine láthair a dhíthchioll dhéanadh chum
An Ghaedhilge labhairt 'gus theagasg, gan duais, píghin na bunn —
Gach seansgeul, abhrán Gaedhilge tá in áit féin fhághail cruinn,
Chum iad d'fhághail clódhbhuailte, 'gus a thabhairt arís an cinn.
'Nuair bhí 'n obair críochnuighthe agus scríobhtha síos le peann,
Seinneadh abhráin Ghaedhilge fá Éirinn 'gus a clann;
Thug Seághan Ua Cramhsig ceann uaidh go lionta suas le greann,
A d'fhág alig iad gáire i n-arraingeacha teann.
Do 'n fhear a bhí 'san gcathaoir tugadh buidheachas mór in sin
Fá'n obair a bhí sé dheunadh chum an Ghaedhilge thabhairt an cinn;
Na dhiaidh sin sgap gach duine de na máighistiridh bhí cruinn,
'Gus chuaidh cuid aca asteach i dtig ósta ag fághail a bproinn.
Bhí siad as na Gleanntaibh ann, na Rosaibh, Ardara
Dún-na-nGall, Gleann-Choluimchill', Moin-Sorlas, 'gus Chill' Chearr,
Ní fhacaidh mé Liam Ruadh ann, sin Oide Bhaile-an-Trá —
Chuaidh siad lig a bhaile go breágh sásta le n-a lá.
Domhnall Ua Gallchabhair.
CEOL NA n-EUN.
Leis an nGabhar Donn.
Is áthasach mo chroídhe astigh, nuair chluinim ceol na n-eun,
A sheinneas ins an samhradh geal fá thaithneamh suairc na gréin',
Ní'l ceol fá neamh is binne liom, ní'l fuaim is dóthchusaighe,
'Sé neamh ar thalamh é gan gó, 'sé parrthás breágh mo Ríogh!
Nuair fa bhrón im luidhe go duairc, nuair tá na neulta tiugh,
Nuair tá an ghaoth ag prantughadh, nuair atá an sneacht' go dluth
Ag folach gnúise glaise guirt le bratach fuar a's geal,
Bídhim smaoineadh ar an am le teacht, 's ar cheol na n-eun gan feall.
Adeirim-se lem' chroídhe annsin na caill do mheisneach, óir
Atá an t-am ag teacht duit in a chluinfir fuaim an ghlóir
A sheinneas ins an earrach, ceol na neimhe, 's béidh do chroidhe
Lán de shuairceas mór 'gcomhnuidhe, lán de shult, 's de shógh astigh,
Óir seinneóchaidh dhuit na h-éin arís ameasg na gcrann um nóin,
Béidh a ngothanna níos binne leat tar éis an ullagóin;
Tar éis an gheimhrigh bhrónaigh cluinfidh tú an ceol is fearr
Teacht amach as beulaibh binne, mar nuaidheacht mhaith tar lear.
vide infra
p. 41.
