30
AN GAODHAL.
Mo Ghrádh Do Léim A Shean Bhéim
Chéachta,
le Mac An Oidhre.
ag rádh, mo ghrádh do léim a shean bhéim
chéachta.
Nuair a bhíomar i macha 'n Iarla, dubh¬
radar, "Seo ar siubhal mé," ar-sa mi¬
se, "seo ar siubhal mé." Ag sin bhíomar
a siubhal suas go dorus an tighe mhóir,
dubhradar, "Seo asteach thré pholl an
ghlais mé," dubhras-sa leis é, & ar an
láthair bhíos-sa 'stigh cho réidh socair is
dá mbeidheadh an dorus fosgailte.
Annsin dubhradar a ndiaigh a chéile,
"Seo síos 'san tsoiléar mé, seo ag ól
mé." Leis sin bhíomar shíos ann seom¬
ra mór fháirsng ann a rabh barruilidhe,
casgaidhe, cruasgaidhe & buidéil móra
's beaga, le fion, beoir 's bránda, uis¬
ge-beatha, pórtor curm 's leanna agus
mórán eile chuma dighe nach tig liom d'
ainmnughadh ; móguil d'arcáin mar chup¬
áin ann láimh gach duine acu Fuaireas
féin cupán glaine a bhí nach beag cho mór
le cnagaire, & níor fhágamar ártach no
soitheach o bhuidéal beag go barruile
gan cuid d'ól as.
Bhíomar go súlthmhar, seunmhar ag ól
's a gáire go glaodh na gcoileach, ann
san dubhairt an te a bhí mar cheann or¬
tha, "Is mithid dúinn dul abhaile." ag sin
chualas iad ag rádh, "Seo suas go dti
an h-alla mé." Dubhairt mé, "Seo suas
go dti an h-alla mé"; dubhradar, "Seo
amach thré pholl an ghlais mé," ach bhíos-sa
ró mhór ar méisge chum aire thabhairt do
cad dubhras, 's d'a easgadh san bhí tar¬
cuisne agam ar na rudaidhe beaga, is
budh mhó's iseal liom-sa poll na eochrach,
leis sin dubhairt, "Seo thar pholl an ghlais
mé." Leis sin bhuaileadh mo cheann a g-
coinne 'n doruis, 's mo shúil a g-coinne
láimh an chláibin, 's thuiteas siar ar an
úrlár leath-mharbh, & d'fhanas ann san go
dti eirghe na ghréine.
Nuair thangas chugam féin fuaireas
mo shúil brisde, tinneas ann mo ceann
& méagrum ann a theannta, do chuimh¬
neas ca rabhas, 's cad do bhain dom; bhí
fhios agam dá m-béirfeadh orm annsan
go g-cuirfeadh i b-príosun mé. Leis sin
dubhairt, "Seo amach thré pholl an ghlais
mé," 's bhíos amuigh ar an láthair. Chon¬
nairc mé mo chéachta & dubhairt, "Seo
ar bhuin mo chéachta mé," & bhíos ar a
bhuin. "Seo sar bhalla mé,' agus léim an
céachta tar an bhalla liom, "Seo treas¬
na páirceadh mé," & mar sin liom gur
chuadhas abhaile le linn na h-uaire sin
bhí fir an bhaile ag dul ag obair, & chon¬
cadar mo chéachta ag léimneadh thar na
cloidheacha liom, & bhí liugh, glaogh 's gáire
acu am dhiaig ag rádh, "Mo ghrádh do
léim a shean bhéim chéachta." Ar mo
theacht ar m'ais go dti 'n áit a bhíos an
oidhche roimhe sin, do stad mo chéacht
a & thuit sé fúm 'san díg; shiubhalas
cois-céim no dhó, 's thuiteas ar bhior mo
chinn 'san díg.
Chonnairc mo comhsglabhuidhe mé a
siubhal & a tuitim & ritheadar fa mo
ghein & rugadar leo abhaile mé, 's chuirig
ar mo leabadh mé, & níor choiréas as
san ar feadh seacht seachtmhaine, no go
d-táinic bean siubhail an t-slighe trath¬
nona lae ceoigh & d'iarr cad a bhain
dom. D'iniseas san di, & dubhairt sí
liom ná leighiseochadh go bráth mé, ach go
g-cneasochadh sí le luibh do'n slánlus mé
atá ag fás i bpáirc na leasa, & an sin
d'imthigh 's thag chugam é, do righn céirin
de & chuir liom shúil é, 's a g-ceann trí
lá bhí mo shúil cneasaighthe, & mé ollamh
chum dul a bheidhil mo gnotha.
Sin é mo sgeul-sa, & má's breug é
bidheadh sé mar sin.
Críoch.
triopallach, tidy.
faiteach, timorous.
mánta, modest.
get, a start, a fright.
foluaimneach, prancing.
falaracht, pacing.
drochar, right straight.
céirin, a poultice, plaster.
moguil, acorns, nuts clusters of
nuts, etc.
