34
AN GAODHAL
UAIR NA SAOIRSE,
Leis nGabhar Donn.
Seinim, seinim ins an oídhche,
Éist! nach brónach é an dán!
Seinim, seinim daoibh a choídhche,
Tá mo chroídhe de dhoilgheas lán,
Tá an ghlóir do bhí ag Éirinn
Imighthe mar cheo ar sliabh,
Cáit a bhfuil gan nídh do bhéirinn
Di an ghlóir bhí aici riamh?
Imighthe! mo irear, gur fior sin!
Imighthe mo mhíle brón!
Och! ochón! a mbéidh go síor sin?
Mbéidhmíd truaillighthe go deo?
Éist! ní bhéidhmíd, tá ar ndaoine
Músgailt fa dhéire, béidhid
Treun i mbualadh, luath i sraoineadh
Feuch! chum chatha ceartais téidhid!
Ta a mbratach glas i n-áirde,
Tá sé ag luasgadh leis an ngaoith,
Téidhid chum buadha nois, a cháirde,
Buailfidh síos ar námh gan sgíth!
Béidh an lámh chóir fós i n-uachtar,
Rachaidh faoi ar sgriosadóir,
Béidhmíd saor; óir, feuch! ní múchtar
Lóchrann Éireann díl, ar stóir.
Cosmhuil leis an lóchrann órdha
Las Naomh Bríghid fad ó 'n ar measg,
Béidh grádh fíor gach grádhuightheóra
Éireann óigh'; 's béidh mór a thásg,
Tá an tsaoirse féin ag foillsiughadh
Slíghe ar slánuighthe 'nois dúinn;
Tá a solus geal ag soillsiughadh
Rian na glóire fíre buain'.
Béidhidh gan mhoill, tá 'n t-am aig aoiseadh,
Tá a sgéimh gach uair aig feoghadh —
Och! tá brón ro-mhór i 'm chroídhe-se —
Tá na blátha nois aig dreoghadh.
'Nois is mithid daoibh do bhualadh
Síos bhur námh, gidh mór a neart,
Éirghidh, 'na bí feasd' d'bhur dtruailliughadh,
Reubaidh 'n bratach dearg go ceart.
Cuimhnighidh ar mór-ghlóir bhúr n-aithreach —
Iad a troid go dána, treun,
Ins an gcath os cómhair gach cathrach —
Iad a fhulang bruid a's leun.
Ort, a Luimneach bhreágh, ní deunfar
Dearmad ort gídh mór ar gcaill —
Dóthchus geal ar síl ní seunfar —
Támaoid 'fuireach ar an bhfaill!
