AN GAODHAL
35
Tiocfaidh an fhaill gan amhrus dúinne,
Uair a's tráth ar saoirse, béidh
Gach deagh-fhear fa arm 'n a chuainne
'Troid go dána, calma, réidh.
Troidfidh siad 'n a bhfearaibh treuna;
Troidfidh siad 'n a laochraidhibh groídhe;
Troidfidh siad fá ghath na gréine;
Buailfidh siad ar nám gan sgith.
Sginnfidh laochraidh groídhe ar dtíre
Cosmhuil leis an Sionnain mhóir,
Leagfaidh siad gach bac go síorruidhe;
Iomaideóchaidh siad ar nglóir,
Bearfaidh siad ar ais ar saoirse —
Duais ar nDé do goideadh uainn —
Cuirfidh siad ar gcúl ar ndaoirse,
Stróicfidh siad lucht cham na cluain'.
DO M' STÓIRÍN SHÉIMH,
Leis an nGabhar Donn.
Is tú mo rós, a stóirín shéimh!
D'ar thugas grádh mo chroídhe;
Is tú glan-gháirdeachas mo chléibh,
Ar gach láimh — deas a's chlí.
Is tú mo líl is deise cruth
Och! gan mé nois led' thaoibh!
Do lámh am' láimh-se fáisgthe 'dluth
A bláith bhreáigh dheis ó 'n gcraoibh!
Is chú mo sholus beo ó neamh,
Gan tú béidh dubh mo speur!
'S tú plúr a's uachtar de na mnáibh!
Mo shólás tú go léir!
Mar dhrúcht ag dríthleadh ar an bhfeur
Atá do shúile deas' !
Is dilse liom aon lúibh do mheur
Ná 'n domhan gídh mór a mheas !
'Nois, éist lem' ghuidhe, a róis! a líl!
A gháirdeachais! a bhláith !
A sholuis, a phlúir, a's uatair fhiail!
A shóláis saor ó chrádh!
A's tabhair dham grádh do chléibh, a rúin!
'S é 'n bronntanus is mó
A iarraim ort anois, a uain!
A's béidhead-sa leat go deo!
