(28)
12Mhadh Rol. Uimh. 4.
LÚGHNÁS,
1897.
GOILLÍS NA g-COS DUBH.
(Leanta ó dhulthaobh 12, 2adh Uimhir).
é, ach go rabh an súgh so níos cosamhla
le ola.
Chuir sé i bpota beag é, ⁊ beagán
uisge air, ⁊ leag sé air an teine é go
rabh an t-uisge ag fiucadh, ⁊ annsin do
ghlac sé cúpán ⁊ líon sé leath suas leis
an t-súgh é ⁊ chuir sé d'a bheul féin é.
Thainic sé inn a cheann ann sin gur
nimh do bhí ann, b'fhéidir, ⁊ go rabh na
daoine maithe ag cur cathuighthe air é
féin do mharbhadh leis an gcleas sin, nó
an cailín do chur chum bháis i gan fhios
dó.
Chuir sé an cupán síos arís, ⁊ thóig
sé cúpla braon ar bhárr a mhéire, agus
chuir sé in a bheul iad. Ní rabh siad
searbh, ⁊ go deimhin bhí blas milis taith-
neamhach orra. Bhí sé níos dána in sin,
⁊ d' ól sé lán meuracáin de, ⁊ in sin
an oiread eile, ⁊ níor sguir sé dhe go
rabh leath an chúpáin ólta aige. Thuit
sé 'na chodladh in sin ⁊ níor dhúisuigh sé
go dti an oidhche, ⁊ bhí tart ⁊ ocrus
mór air.
B'éigin dó fanamhaint in sin nó gur
éirigh an lá, ach chuir sé roimhe, cho luath
⁊ dhúseochadh sé ar maidin, go rachfadh
sé go hinghean an Righ ⁊ go dtiúbharfadh
sé deoch di de shúgh na luibhe.
Cho luath ⁊ d'éirigh sé ar maidin chuaidh
sé anonn go teach an t-sagairt leis an
digh in a láimh, ⁊ níor mhothaigh sé é féin
ariamh cho gasta, gaisgeamhuil, aigion-
